Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/310

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
306
NIAṀ

An oíḋċe do ġluais Donċaḋ ó Ċill Ṁaiġneann, ċun na h-oibre sin a ḋéanaṁ, b'ṡiní díreaċ an oíḋċe do ċuir Gormḟlaiṫ Aṁlaoiḃ leis an dteaċtaireaċt, ó ríġṫeiġlaċ Ṡitric, ag triall ar Ḃruadar, a gan ḟios do Ṡitric agus a gan ḟios do Ḃéibionn. Ḃí Aṁlaoiḃ ábalta ar ċeilt a ċur air féin i n-a lán de rioċtaiḃ, agus ar é ḋéanaṁ go maiṫ. Nuair a ḃí sé ag imṫeaċt ó'n ríġṫeiġlaċ do ċuiṁniġ sé i n' aigne gur ṁaiṫ an rud dó gaḃáil tré Ċill Ṁaiġneann feuċaint an ḃféadfaḋ sé teaċt suas le h-aon ḃlúire eóluis a ḃéaḋ tairḃṫeaċ do Ḃruadar. D' aimsiġ sé mála agus ċuir sé ar a ṁuin é, mar 'ḋ eaḋ ná raiḃ ann aċ duine de luċt leanaṁna an tslóiġ agus go raiḃ sé ag díol neiṫe beaga a ḃéaḋ áiseaċ d' ḟearaiḃ an tslóiġ. Cá dtaḃarfaḋ sé aġaiḋ aċ i dtreó an ḃaill 'n-a raiḃ Donċaḋ agus a ḃuiḋean ag tusnuġaḋ ar ġluaiseaċt óḋeas. Ḃí iongnaḋ air. Do luiġ sé ar ċaint le cuid de'n luċt leanaṁna a ṫárla i n' aice. Níor ḃ' ḟada gur ḃailiġ sé uaṫa an toisg ar a raiḃ an ḃuiḋean ag imṫeaċt óḋeas, agus cé ḃí 'n-a ċeann orṫa. Do ḃailiġ sé é féin amaċ ó'n luċt leanaṁna ċóṁ tapaiḋ agus d' ḟéad sé é gan aon droċ aṁras a ṫarang air féin. Ċóṁ luaṫ agus ḃí sé bailiġṫe uaṫa ṫug sé aġaiḋ soir óṫuaiḋ, agus níor ḃ'ḟada go raiḃ sé ag caint le Bruadar. Ní baoġal gur ag triall ar Ṁaolṁórḋa a ċuaiḋ sé ċun a innsint dó go raiḃ buiḋean fear imṫiġṫe óḋeas ċun a ṫíre do sgrios. Dá ndeineaḋ, b'ḟéidir go ngluaiseóċ' Maolmórḋa óḋeas ċun a ṫíre do ċosaint, agus do lagóċ' san mór-ṡluaġ na Loċlanaċ i gcóir an ċaṫa. Ag triall ar Ḃruadar a ṫug sé aġaiḋ.

“Is maiṫ a ḋeinis é, a ṁic ó!” arsa Bruadar leis. “Tá súil agam ná faġaiḋ ríġ Laiġean amaċ go ḃfuil san ar siúḃal 'n-a ṫír. D'imṫeóċ' sé uainn láiṫreaċ agus ní oirfeaḋ dúinn sgaraṁaint le h-oiread agus aon ḟear aṁáin. Tá an sgéal céadna díreaċ anso sa leitir seo agam ó ḋ'