Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/313

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
309
NIAṀ

ṁór-ṡluaġ as san dá dtroidtí an caṫ Dé h-Aoine a ḃí ċúġainn go mbéaḋ an buaḋ ag na Loċlanaiġ.

D'á ḃríġ sin, ċóṁ luaṫ agus fuaradar an focal ṫusnuiġdar go léir ar iad féin d' ollaṁuġaḋ i gcóir an ċaṫa. Ní raiḃ puínn ṫar oċt n-uaire a's daċad acu an uair sin ċun an ollṁuċáin a ḋéanaṁ. Níor ḃeag leó an méid sin aimsire. D'á luaṫaċt a troidfí an caṫ dob' eaḋ b'ḟearr é, dar leó. Ḃíodar deiṁniġṫeaċ go mbuaḋfaidís. Ḃíṫeas tar éis a ċur 'n-a luiġe orṫa go daingean ná raiḃ ag Brian de ṁór-ṡluaġ aċ sloigisg a ḃí níba ṫugṫa go mór ċun iompáil ar a ċéile 'ná mar a ḃíodar ċun troda ḋéanaṁ le naṁaiḋ. Go raiḃ cuid des na ríġṫiḃ cúige agus ná raḃdar aċ ag feiṫeaṁ leis an gcaṫ do ṫusnuġaḋ ċun druim láṁa ṫaḃairt le Brian agus é féin agus Clann Ċais do ṫréigean. Go raiḃ cúis a ndóṫin agá lán acu ċuige sin, mar go raiḃ láṁ Ḃriain ana ḋian orṫa, agus d'á ḋéine a ḃí láṁ Ḃriain orṫa gur ṫuigeadar go mbéaḋ láṁ Ṁurċaḋ níba ṡeaċt ndéine orṫa nuair a ṫiocfaidís fúiṫi. Nuair a ṫusnóċ' an caṫ gur ḃ' eaḋ do ċífí an neaṁġus a ḃí i gcóṁaċt Ḃriain, d'á ṁéid leaṫa a ḃí faoi agus d'á aoirde cáil a ḃí air. Aċ pé breiṫ a ḃéaḋ aige ar ḃuaċtaint sa ċaṫ dá mbéaḋ an dá ṡluaġ mar a ċéile i dtaoḃ arm, ná raiḃ aon ḃreiṫ i n-aon ċor aige ar ḃuaċtaint nuair a ḃí an deiċ gcéad fear ins na h-éidíḃ práis ag na Loċlanaiġ. Go siúḃlóċ' an deiċ gcéad fear san rómpa tré ṁór-ṡluaġ Ḃriain agus go ngeóḃdís de ċosaiḃ ionta. D'á luaṫaċt, d'á ḃríġ sin, a troidfí an caṫ dob' eaḋ b' ḟearr é, dar leó, mar b' ṡin mar ba ṫúisge a ḋ' ḟéadfaidís iad féin do leaṫaḋ isteaċ ar ṁaċairiḃ breaġṫa míne na h-Éirean agus seilḃ a ġlacaḋ ionta. Ḃí fonn agus flosg agus giodam agus meanamna agus mór- ċroíḋe, d'á ḃríġ sin, orṫa féin agus ar a mnáiḃ, agus fuadar an doṁain fúṫa, nuair a riṫ an focal mór-ṫímpal