Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/188

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
184
NIAṀ

fé n-a smaċt i gcóṁnuiġe. B'é an cleas céadna é ag an dá ṫeiġlaċ. Níor leig teiġlaċ Ṁ'lṡeaċlainn orṫa gur ḃ' iad féin teiġlaċ an Árdríġ riaṁ, agus níor ṫaisbeáin teiġlaċ Ḃriain aon ṁór-is-fiú ná aon eiríġe anáirde os cionn an teiġlaiġ eile. Ḃí an dá ṁuintir go séiṁ agus go soilḃir le n-a ċéile, agus go h-ollaṁ ċun gaċ urama agus gaċ onóra ṫaḃairt d'á ċéile.

Ċuaiḋ an t-Árdríġ agus a ṫeiġlaċ ag triall ar Ṡitric, ar ríġ Loċlanaċ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Do cuireaḋ an ċuaird sin ċun cinn díreaċ mar a cuireaḋ i gcás Ṁ'lṡeaċlainn nó i gcás aon ríġ cúige eile i n-Éirinn. Do ġlaoiḋ Brian ċun tiġṫe na gceannaiġṫe agus d' ḟeuċ sé go cruinn ar an gcuma 'n-a ndéinidís a ngnó. D'ḟeuċ sé ar na loingeas a ḃí sa ċuan. Do ṫuig sé i n' aigne gur ṁór go léir an tairḃṫe do ṁuintir na h-Éirean dá mbéaḋ mórán des na loingeas san sa ċuan san, agus ins gaċ cuan eile de ċuantaiḃ na h-Éirean, agus mórán de'n obair ċeannaiġ- eaċta san acu d'á ċoimeád ar siúḃal idir oileán na h-Éirean agus dúṫaíḃ iasaċta. An ḟaid a ḃí sé ag maċtnaṁ ar an gcuma san ar an dtairḃṫe a ḃí ag cuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ 'á ḋéanaṁ, do ċuiṁniġ sé ar an gcoṫrom uaṫḃásaċ uisge atá ó ċaṫair Luimníġe síos go h-Inis Caṫaiġ agus amaċ ar fad go Léim Ċúċulainn, agus ċuiṁniġ sé ar an dtairḃṫe a ḋéanfaḋ an coṫrom uisge sin dá mbéaḋ sé clúdaiṫe le loingeas ḃreaġṫa ṁóra do ḃéarfaḋ earaí ceannaiġeaċta amaċ ó Éirinn go cuantaiḃ an doṁain, agus do ṫaḃarfaḋ earaí iasaċta isteaċ go h-Éirinn sa ḃflúirse ċéadna, ó ċuantaiḃ an doṁain.

Nuair ḟág sé Baile Áṫa Cliaṫ agus cuaiḋ sé óḋeas go teiġlaċ rí Laiġean, teiġlaċ Ṁaoilṁórḋa, teiġlaċ driṫár a ċéile, ḃí an maċtnaṁ céadna i n' aigne i dtaoḃ uisge Béil Sionainne. D'inis sé do ríġ Laiġean cad a ḃí i n'aigne, agus dúḃairt sé leis gur ḃ' é a ṫuairim féin ná raiḃ le