Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/189

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
185
NIAṀ

fáġail i n-Éirinn, ná i n-aon áit eile, aḋmad a ḋéanfaḋ crainn seóil do loingeas ṁóra ċóṁ maiṫ agus do ḋéanfaḋ an t-aḋmad a ḃí ag fás i gCúige Laiġean.

“Dá gcurfá ċúġam siar go Ceann Cora, a ríġ,” ar seisean le Maolmórḋa, “trí cinn de's na crannaiḃ is fearr agat ċun na hoibre, do ċuirfinn trí loingeas d'á ndéanaṁ gan a ṫuille ríġnis.”

“Cuirfead agus fáilte, a Árdríġ,” arsa ríġ Laiġean.

D'ḟan an sgéal mar sin an uair sin.

Do ġluais Brian agus a ċualaċt óḋeas isteaċ i n-Urmúṁain. Ṫug sé a ċuaird ċun teiġlaiġ ríġ na nDéiseaċ. Moṫla mac Faeláin ab ainim do'n ríġ sin. Ḃí sé dílis do Ḃrian, bíoḋ ná raiḃ aḃfad roimis sin ó ḃris Brian caṫana fuilteaċa ar a ċine. Ḃí sé i n'aigne, fé mar a ḃí i n-aigne gaċ aoinne, go raiḃ tórmaċ cogaiḋ ar siúḃal, go raiḃ an spéir trom leis an dtórmaċ cogaiḋ sin, agus ná raiḃ aon ḟear beó aċ Brian a ḋ'ḟéadfaḋ Éire ṫaḃairt saor as an gcogaḋ san nuair a ṫiocfaḋ sé. D'á ḃríġ sin ḃí sé dílis do Ḃrian.

Ṫáinig Brian agus a ċualaċt go teiġlaċ aṫar Ċaoilte. Fuair gaċ aoinne amaċ ansan cé r' ḃ' é Caoilte, gur mac ríġ é agus gur Donn ab ainim dó, Donn mac Beaṫaċ. Nuair a fuair Conn, mac Ṁaoilruanaiḋ na Paidre, gur ṁac ríġ Caoilte ṫáinig sé ċuige agus do rug sé ar ḋá láiṁ air.

“Ó, a Ḋuinn,” ar seisean, “cad 'n-a ṫaoḃ nár innsis dom cé r' ḃ' é ṫú! Ḃí sé am' aigne go mb’ḟéidir go raiḃ braon éigin d'ḟuil ríoga ionat, agus an ḃfuil ḟios agat caṫin a ċuiṁniġeas air? Ċuiṁniġeas air nuair a ṫugas an tarcaisne ḋuit agus nuair a ċonac an ċuma 'n-ar ċoim- eádais srian le t' ḟeirg. ‘Mura mac ríġ é,’ arsa mise am' aigne féin, ‘tá an ḟoluiġeaċt ann pé ball 'n-a ḃfuair sé í ḃeiṫ ann.’ Dúḃart go deiṁin. Náċ mór an cleasaiḋe