Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/187

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
183
NIAṀ

agus ag cuiṁneaṁ ar na mnáiḃ óga dob' áluinne agus ba ḃreaġṫa agus ba ḋaṫaṁla d'á ḃfeacadar riaṁ, agus 'ġá ṡaṁluġaḋ 'n-a n-aigne cad é an saġas í má ḃí sí níba ḃreaġṫa le feisgint 'ná aoinne acu súd. Ansan, nuair a ṫagaḋ sí agus do ċídís í, do leaṫaḋ a súile orṫa agus d' adṁuiġdís nár ḟéad aon tsaṁluġaḋ d'ár ḋeineadar teaċt i n-aon ġioraċt do'n raḋarc a ċonacadar nuair ḟeuċadar uirṫi. Ansan, ní ḃíoḋ aon iongnaḋ orṫa nuair airiġdís i dtaoḃ an tsoluis 'n-a tímpal agus i dtaoḃ an ġaṫ gréine. Do saṁluiġtí ḋóiḃ féin, nuair a ṫagaḋ sí isteaċ sa ċonḃint ċúċa, go dtugaidís fé ndeara an solus 'n-a gnaoi agus 'n-a tímpal, agus gur ċuma í nó gaṫ gréine ag teaċt isteaċ.

Isé céad rud a ḋeineaḋ na mná riaġalta, ins gaċ aon ċonḃint, ċóṁ luaṫ agus ḃíoḋ tamal de lá caiṫte ann aici, 'ná cromaḋ ar ṫaṫant uirṫi fanṁaint acu ar fad. Ġlacaḋ sise an taṫant go breaġ réiḋ agus go breaġ séiṁ, aċ ní baoġal go dtugaḋ sí aon ċóṁarṫaí uaiṫi ar ġéilleaḋ do'n taṫant. Ḃíoḋ áṫas mór orṫa an ḟaid a ḃíoḋ sí acu, agus ḃíoḋ uaigneas mór orṫa nuair a ḃíoḋ cuaird na h-áite taḃarṫa, agus nuair a ḃíoḋ Brian agus a ċualaċt ag imṫeaċt go h-áit eile.

Nuair a ḃí Cúig' Ulaḋ siúḃalta do gaḃaḋ tímpal tré Ċúige Laiġean. Do fanaḋ raint laeṫanta i gCúige na Míḋe, i dteiġlaċ Ṁ'lṡeaċlainn Ṁóir. Níor ċuaird i n- aistear cuaird ċun an teiġlaiġ sin. Do cuireaḋ cóir go fial agus go flaṫaṁail ar an Árdríġ agus ar a ċualaċt ann. Dá mbéaḋ i gcualaċt Ḃriain an uair sin duine iasaċta, duine ná béaḋ aon ḟios aige ar cad a ḃí tuitiṫe amaċ i n-Éirinn suim aimsire roimis sin, ní ḃéaḋ aon ċuiṁneaṁ i n-aon ċor aige go raiḃ Brian tar éis Ṁ'lṡeaċ- lainn do ċur as an Árdríġeaċt. Ṡaṁlóċ' sé gur ḃ' é Brian an t-Árdríġ i gcóṁnuiġe agus go raiḃ M'lṡeaċlainn