Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/267

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XI. 1
257
EÓIN


CAIBIDIOL XI.

Lasarus á thabhairt ag Críost o’n mbás. Comhairle na riaghaltóirí chun É chur chun bais.


1Agus bhí duine dár bh’ainim Lasarus, ó Bhetánia, ó bhaile Mháire agus Mharta a drifiúr, agus bhí sé breóite. 2B’í sin Máire [1]do dhoirt an ola ar an dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig agus isé a dritháir Lasarus a bhí breóite. 3Agus do chuir an bheirt driféar teachtaireacht chuige ’ghá rádh: A Thighearna, féach, an t-é is ionmhuin leat tá sé breóite. 4Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Ní chun báis an bhreóiteacht so, ach chun glóire Dé, ionus go dtabharfaí glóire do Mhac Dé tríthe.

5Agus dob’ ionmhuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus. 6Ach nuair a dh’airigh sé é bheith breóite d’fhan sé sa n-áit chéadna ar feadh dá lá. 7Ansan, tar a éis sin, dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Téighmís go Iúdaéa airís. 8Dubhairt a dheisgiobuil leis: A Rabbí, bhí na Iúdaigh a d’iarraidh gabháil do chlochaibh ionat anois, agus an bhfuilir ag dul chun na h-áite sin airís? 9D’fhreagair Íosa: Ná fuil dhá uair dhéag sa lá? Má shiubhlann duine sa lá ní gheibheann sé barathuisle, mar chíonn sé solus an tsaoghail seo. 10Ach má shiubhlann sé sa n-oidhche gheibheann sé barathuisle, óir ní’l an solus sa duine sin. 11Dubhairt sé an méid sin; agus ansan dubhairt sé leó: Tá ár gcara Lasarus ’n-a chodla, ach táim ag dul [2]chun é dhúiseacht. 12Dubhairt a dheisgiobuil leis, ámh: A Thighearna, má tá sé ’n-a chodla beidh sé go maith. 13Ach is ar a bhás a labhair Íosa; agus mheasadar-san gur ar shuan codlata do labhair sé. 14D’á bhrígh sin dubhairt Íosa leó go soiléir: Tá Lasarus tar éis bháis; 15Agus mar gheall oraibh-se, ionus go gcreidfeadh sibh, is maith liom ná rabhas ann; ach téighmís ag triall air. 16Ansan dubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a chómh-

  1. Mait. xxvi. 7; Lúc. vii. 37; infra xii. 3.
  2. .i. a’ codla an bháis.