Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/266

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
256
Caib. X. 28
EÓIN

chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé. 28Agus tá an bheatha shíoruidhe agam-sa ’á thabhairt dóibh; agus ní caillfar go deó iad, agus ní dhéanfaidh aoinne iad a dh’fhuadach as mo láimh-se. 29Tá an nídh a thug m’Athair dom níos mó ’ná gach uile nídh; agus ní féidir d’aoinne fuadach as láimh m’Athar. 30Is aon mise agus an t-Athair.[* 1]

31Ansan do thóg na Iúdaigh na clocha chun gabháil do chlochaibh ann. 32D’fhreagair Íosa iad: Tá a lán oibreacha fóghanta taisbeánta agam daoibh ó m’Athair; cé’cu obair acu go bhfuil sibh ag gabháil do chlochaibh ionam mar gheall air? 33D’fhreagair na Iúdaigh é: Ní mar gheall ar obair fhóghanta atáimíd ag gabháil do chlochaibh ionat, ach mar gheall ar dhiamhaslad, agus go ndeineann tú Dia dhíot féin, bíodh gur duine thu. 34D’fhreagair Íosa iad: Ná fuil sgríobhtha i nbhúr ndlígh féin, [1]Dubhart-sa, is déithe sibh? 35Má dubhairt sé gur dhéithe iad súd gur labhradh briathar Dé leó, agus nách féidir an scriptiúir do chur ar neamhnídh, 36An t-é a bheannuigh an t-Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an ndeir sibh-se leis, Tá diamhasladh agat ’á dhéanamh, toisg go ndubhart, Is mé Mac Dé? 37Mura ndeinim oibreacha m’Athar ná creididh mé. 38Ach má dheinim, mura maith libh mise chreideamhaint, creididh na h-oibreacha, i dtreó go mbeidh fhios agaibh an t-Athair a bheith ionam-sa agus mise sa n-Athair. 39Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air; agus d’imthigh sé as a lámhaibh. 40Agus d’imthigh sé airís thar Iórdan, chun na h-áite ’n-a raibh Eóin ag baisteadh ar dtúis; agus d’fhan sé ansan. 41Agus tháinig a lán daoine ag triall air, agus deiridís: Níor dhein Eóin aon nídh mírbhúilteach; 42Ach na neithe go léir adubhairt Eóin ’n-a thaobh so dob’ fhíor iad. Agus do chreid a lán ann.

  1. Salm. lxxxi. 6.
  1. Ver. 30. “Is aon mise agus an t-Athair,” .i. aon nadúir amháin diadha agus dhá phearsain fé leith.