an fear a bhíodh ’n-a shuidhe ag lorg déarca? Agus dubhairt daoine: Isé é. 9Dubhairt daoine eile, ámhthach: Ní h-é é, ach is cosmhail leis é. Ach dubhairt an duine féin: Is mé é. 10Agus dubhradar leis: Conus a h-osgladh do shúile dhuit? 11D’fhreagair sé: An fear san ar a dtugtar Íosa, dhein sé lathach agus chimil sé de m’ shúilibh é, agus dubhairt sé liom, Imthigh go lochán Silóé agus nigh. Agus d’imthigheas, agus do nígheas, agus chím. 12Agus dubhradar leis: Cá bhfuil an fear san? Dubhairt seisean: Ní fheadar.
13Thugadar chun na bhFairisíneach an fear a bhí roimhe sin ’n-a dhall. 14Agus sa tsabbóid ab eadh é nuair a dhein Íosa an lathach agus d’osgail sé súile an duine. 15Agus airís d’fhiafraigh na Fairisínigh dé conus a fuair sé a radharc. Agus dubhairt seisean leó: Chuir sé lathach ar mo shúilibh, agus do nígheas iad, agus chím. 16Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh: Ní h-ó Dhia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus dubhairt tuille acu: Conus is féidir do dhuine pheacamhail na mírbhúiltí seo dhéanamh? Agus bhí siosma eatartha. 17Agus dubhradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a dh’osgail do shúile? Dubhairt seisean: Fáidh iseadh é.
18Agus níor chreid na Iúdaigh go raibh sé ’n-a dhall agus go bhfuair sé a radharc, go dtí gur ghlaodhadar ar athair agus ar mháthair an t-é sin go raibh a radharc fághalta aige. 19Agus cheistigheadar iad, agus dubhradar: An é seo bhúr mac adeir sibh a rugadh ’n-a dhall? Conus a thárla go bhfuil radharc anois aige? 20D’fhreagair athair agus máthair an fhir iad, agus dubhradar: Tá fhios againn gur mac dúinn é seo, agus gur dall a rugadh é; 21Ach chonus do thárla radharc a bheith anois aige ní h-eól dúinn, ná ní h-eól dúinn cé dh’osgail a shúile; fiafraighidh de féin é; tá aos aige; labhradh sé féin air féin. 22Dubhairt an t-athair agus an mháthair na neithe sin mar bhí eagla na n-Iúdach ortha, óir bhí socair ag na Iúdaigh an uair sin, aoinne a déarfadh gur bh’ é Críost é, é chur amach as an sinagóig. 23Mar gheall air sin iseadh adubhairt an t-athair agus an mháthair, Tá aos aige, deinidh é féin do cheistiú.