Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/263

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. IX. 24
253
EÓIN

24Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí ’n-a dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia. Is eól dúinne gur peacach an duine sin. 25Dubhairt seisean leó: Má’s peacach é ní fheadar-sa san. Tá fhios agam aon nídh amháin, go rabhas am’ dhall agus go bhfuil radharc anois agam. 26Agus dubhradar-san leis: Cad a dhein sé leat? Conus a dh’osgail sé do shuíle dhuit? 27D’fhreagair sé iad: D’innseas cheana dhaoibh é agus d’aireabhair mé. Cad ab áil libh ’ghá aireachtaint airís? An amhlaidh ba mhaith libh-se, leis, bheith i nbhúr ndeisgiobuil aige? 28Ansan do thugadar droch-chaint dó agus dubhradar: Bí-se ad’ dheisgiobul aige; is do Mhaois is deisgiobuil sinne. 29Is eól dúinne gur labhair Dia le Maois, ach an fear so, ní h-eól dúinn cá dtáinig sé. 30D’fhreagair an fear agus dubhairt sé leó: Go deimhin is iongantach an sgéal é sin, gan a fhios a bheith agaibh-se cá dtáinig sé, agus d’osgail sé mo shúile dhómh-sa: 31Tá fhios againn, ámhthach, ná h-éisteann Dia le lucht peacaí dhéanamh; ach má thugann duine onóir do Dhia agus má dheineann sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin. 32Níor h-airigheadh riamh ó thusach an domhain gur osgail aoinne a shúile do dhuine a rugadh ’n-a dhall. 33Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo ní fhéadfadh sé aon nídh a dhéanamh. 34D’fhreagradar agus dubhradar leis: I bpeacaíbh a geineadh tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do theagasg? Agus do chomáineadar amach é.

35D’airigh Íosa gur chaitheadar amach é; agus nuair a fuair sé é dubhairt sé leis: An gcreideann tusa i Mac Dé? 36D’fhreagair seisean agus dubhairt: Cé h-é sin, a Thighearna, go gcreidead ann? 37Agus dubhairt Íosa leis: Chonaicís é, agus an t-é atá ag caint leat isé é. 38Ansan dubhairt seisean: Creidim, a Thighearna. Agus do shléacht sé dhó, ’ghá adhradh. 39Agus dubhairt Íosa: Ag tabhairt breitheamhantais a thánag-sa ar an saoghal so; i dtreó go bhfeicfeadh an mhuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an mhuintir a chíonn.[* 1] 40Agus d’airigh cuid de sna Fairisínigh a bhí

  1. Ver. 39. “I dtreó.” Is chuige sin a bhí an mhírbhúilt. Ní ’ghá rádh é gur tháinig Críost chun aon duine dhéanamh dall, ach gur thug na Iúdaigh a ndaille ’n-a bhreitheamhantas ortha féin