Cé h-é thusa, dar leat? 54D’fhreagair Íosa: Má thugaim-se glóire dhom féin is neamhnídh mo ghlóire. Isé m’Athair a thugann glóire dhom, an t-é a deir sibh-se gur b’é bhúr nDia é; 55Agus ní’l aithne agaibh air; ach tá aithne agam-sa air. Agus má deirim ná fuil aithne agam air beidh mé mar sibh-se, ag rádh an éithigh. Ach tá aithne agam air, agus táim ag cómhlíonadh a bhriathair. 56Ba mhór ag bhúr n-athair Ábraham go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Do chonaic, agus bhí áthas air. 57Ansan dubhairt na Iúdaigh: Ní’l caogad blian d’aoís fós agat, agus chonaicís Ábraham? 58Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, táim-se ann ó roimh Ábraham a bheith ann.
59Ansan do thógadar na clocha chun iad do chaitheamh leis; ach do cheil Íosa a chló ortha agus d’imthigh sé amach as an dteampul.
CAIBIDIOL IX.
1Agus ag gabháil na slíghe dhó do chonaic Íosa duine a bhí ’n-a dhall, agus gur dall a rugadh é. 2Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de: a Rabbí, cé’cu a dhein peaca, é seo nó a athair ’s a mháthair, treás gur rugadh ’n-a dhall é? 3D’fhreagair Íosa: Níor pheacaigh sé seo ná a athair ná a mháthair; ach chun go dtaisbeánfaí oibreacha Dé ann. 4Tá orm-sa oibreacha an t-é a chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an oidhche ag teacht nuair nách féidir d’aoinne obair a dhéanamh. 5An fhaid atáim ar an saoghal is mé solus an tsaoghail. 6Nuair adubhairt sé an chaint sin do chuir sé seile ar an dtalamh, agus dhéin sé lathach leis an seile, agus chimil sé an lathach de shúilibh an daill, 7Agus dubhairt sé leis: Imthigh agus nigh i lochán Silóé, (a míníghthear: Teachtaire). D’imthigh sé agus do nigh, agus tháinig sé thar n-ais agus radharc aige.
8Ansan dubhairt a chómharsain agus na daoine a chonaic roimis sin é agus é a d’iarraidh déarca: Nách é seo