Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/260

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
250
Caib. VIII. 39
EÓIN

n-athar féin. 39D’fhreagradar agus dubhradar leis: Isé Ábraham ár n-athair-ne. Dubhairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham sibh deinidh oibreacha Ábrahaim. 40Ach anois ní foláir libh mise mharbú, duine a labhrann libh an fhírinne a dh’airigheas ó Dhia; níor dhein Ábraham san. 41Deineann sibh-se obair bhúr n-athar féin. Agus dubhradar leis: Ní h-a’ drúis a geineadh sinne; tá aon athair amháin againn, Dia. 42Ansan dubhairt Íosa leó: Dá mb’ é Dia bhúr n-athair bheadh grádh agaibh dómh-sa; óir do ghluaiseas-sa ó Dhia agus do thánag uaidh; óir ní h-uaim féin a thánag, ach do chuir seisean uaidh mé. 43Cad ’n-a thaobh ná h-aithnigheann sibh mo chaint? Mar ní fhéadann sibh m’ urlabhra d’aireachtaint. 44[1]Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfírinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é. 45Ach nuair a dh’innsim-se an fhírinne ní chreideann sibh mé. 46Cé’cu agaibh a chuirfidh peaca am’leith? Má innsim an fhírinne dhaoibh cad ’n-a thaobh ná creideann sibh mé? 47[2]An t-é is ó Dhia éisteann sé le bréithribh Dé. Isé cúis ná h-éisteann sibh-se leó mar ní h-ó Dhia sibh.

48Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nách maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat? 49D’fhreagair Íosa: Ní’l deamhan ionam-sa, ach tugaim onóir do m’Athair, agus tá easonóir tabhartha agaibh-se dhómh-sa. 50Ach nílim-se ag lorg mo ghlóire féin; tá aon a loirgeann agus a thugann breith. 51Go deimhin deimhin adeirim libh, má choimeádann aon duine mo bhriathar ní fheicfidh sé bás go deó. 52Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó. 53An amhlaidh is mó de dhuine thusa ’ná ár n-athair Ábraham, atá tar éis bháis? Agus táid na fáidhe tar éis bháis.

  1. 1 Eóin iii. 8.
  2. 1 Eóin iv. 6.