Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/253

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VI. 63
243
EÓIN

thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoibh? 63Ach má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtúis?[* 1] 64Isé an spioraid a dheineann beódhadh. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá ráidhte agam libh, spioraid agus beatha iseadh iad.[* 2] 65Ach tá cuid agaibh-se ná creideann. Óir bhí fhios ag Íosa ó thusach cé’r bh’iad nár chreid, agus cé dhéanfadh é dhíol.

66Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha ag m’Athair dó teacht. 67Ansan do tharraing a lán d’á dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille. 68Dubhairt Íosa d’á bhrígh sin leis an dáréag: An maith libh-se, leis, imtheacht? 69Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe. 70Agus creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost Mac Dé. 71D’fhreagair Íosa iad: Nár dheineas-sa an

  1. Ver. 63. “Ach má fheiceann sibh,” ⁊rl. le trácht mar sin ar a dheasgabháil, do thug Críost os a gcómhair a chómhacht, chun fírinne na bhfocal a bhí ráidhte aige do dheimhniú agus chun an brígh míchúibhsach a bhí bainte acuas a chaint do churas a n-aigne, .i. go gcaithfidís a chuid a feóla dh’ithe mar íosfaí feóil ainmhíghe. Thug an deasgabháil le tuisgint dóibh go raghadh an corp céadna, slán foláin, suas ar neamh, chun bheith n-a shuidhe ar deasláimh an Athar Síorruidhe, agus d’á bhrígh sin ná déanfí é bhriseadh agus do stracadh d’ídiú air an dtalamh so mar a mheasadar.
  2. Ver. 64. “Ní dheineannan fheóil tairbhthe ar bith.” Is fíor ná beadh aon tairbhthe i bhfeóil mharbh, deighilte ó’n spioraid, ar an gcuma mhíchuibhsach i n-ar mheasadar go n-íosfidís a chuid feóla agus go n-ólfidís a chuid fola. Agus is fíor ná fuil aon tairbhthe i bhfeóil an duine, .i. i nádúir chlaoir an duine (an nádúr ná h-úmhluigheann do spioraid agus do bhréithribh Chríost). Ach a rádh ná fuil aon tairbhthe i bhfeóil Chríost, an fheóil bheó san a ghlacaimíd nuair a ghlacaimíd Comaoíne, mar aon le n-a spioraid, .i. le n’ anam agus le n-a dhiadhacht, diamhasla marbhuightheach ab eadh a leithéid sin do rádh. Óir dá mb’fhíor é ná déanfadh feóil Chríost aon tairbhthe dhúinn ní ghlacfadh sé colan daona i n-aon chor ná ní fhuiligeoch’ sé bás ar ár son.—Ibid. “Spioraid agus beatha is eadh iad.” .I. mar cuirid siad os bhúr gcómhair sácramínt naomhtha go nglacfidh sibh ann, ar chuma iongantach, spioraid agus grásta, agus beatha a’ tobar na beatha féin.