Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/254

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
244
Caib. VI. 72
EÓIN

dáréag agaibh do thoghadh? 72Agus tá duine agaibh ’n-a dhiabhal. Agus is ar Iúdás, mac Shímóin, Iscariót, a bhí sé ag caint. Óir isé sin a bhí chun é dhíol, agus gur dhuine de’n dáréag é.



CAIBIDIOL VII.

Téigheann Críost suas chun féile na dtabarnacul: tugann sé teagasg uaidh sa teampul.


1I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh’áil leis siubhal i nIúdaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d’iarraidh é chur chun báis. 2Agus bhí féile na n-Iúdach, [1]féile na dtabarnacul, i n-achmaireacht. 3Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú. 4Óir ní dheineann aoinne aon nídh a gan fhios agus é a d’iarraidh é féin a bheith puibilidhe; má dheineann tú na neithe seo taisbeáin tu féin do’n domhan. 5Mar níor chreid a bhráithre féin ann. 6Agus dubhairt Íosa leó: Níor tháinig mo thráth-sa fós; ach tá bhúr dtráth-sa ollamh i gcómhnuighe. 7Ní féidir do’n tsaoghal fuath a thabhairt daoibh-se; tá fuath aige dhómh-sa, ámh, mar tá fiadhnaise agam ’á dhéanamh ’na thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h-olc. 8Téighidh-se suas chun na féile seo, ach ní’lim-se ag dul suas chun na féile seo, mar ní’l m’aimsir tagaithe fós. 9Nuair adubhairt sé an méid sin d’fhan sé féin i nGaililí. 10Ach nuair a bhí a bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas chun na féile, ach níor bh’ós árd é, ach amháin fé cheilt ar shlígh.

11Agus bhí na Iúdaigh ’ghá lorg, lá na féile, agus deiridís: Cá bhfuil sé siúd? 12Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu ’ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu ’ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé. 13Níor labhair aoinne amach ’n-a thaobh ámh, toisg eagla na n-Iúdach a bheith ortha.

  1. Lebhit. xxiii. 34.