Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/252

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
242
Caib. VI. 51
EÓIN

aoinne é ná faghaidh sé bás. 51Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh. 52Má itheann aon duine an t-arán so, mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta; agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin é chun beatha an domhain.

53Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a thabhairt le n-ithe dhúinn?

54Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, mura n-ithidh sibh feóil Mhic an Duine agus mura n-ólaidh sibh a chuid fola ní bheidh beatha agaibh ionaibh.[* 1] 55An t-é a dh’itheann mo chuid feóla-sa agus a dh’ólann mo chuid fola, tá beatha shíoruidhe aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. 56[1]Óir is bia go fíor mo chuid feóla, agus is deoch go fíor mo chuid fola. 57An t-é a dh’itheann mo chuid feóla agus a dh’ólann mo chuid fola, cómhnuigheann sé ionam-sa agus comhnuighim-se ann. 58Fé mar a chuir an t-Athair atá beó mise uaidh agus go bhfuilim-se beó ó’n Athair, mar an gcéadna an t-é a dh’itheann mise, beidh sé beó de m’bárr-sa.

59Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní h-ionan agus mar a dh’ith bhur n-aithreacha manna, agus go bhfuilid siad marbh. An t-é a dh’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta.

60Dubhairt sé an chaint sin i gCapharnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig. 61Agus a lán d’á dheisgiobuil, nuair airigheadar an chaint, dubhradar: Is cruaidh an chaint í sin, agus cé fhéadfadh éisteacht léi? 62Agus do

  1. 1 Cor. xi. 27.
  1. Ver. 54. “mura n-ithidh sibh . . . . ólaidh sibh.” Glactar i n’fhírinne anso gurabh dlígh Dé do’n Chríostaidhe fuil agus feóil Chríost do ghlacadh, agus cómhlíonann an Críostaidhe an dlígh sin nuair a ghlacann sé comaoine fhé ghné aráin. Óir ní féidir fuil agus feóil ár Slánuightheóra do dheighilt ó n-a chéile, agus gealltar beatha shíoruidhe anso do’n t-é ar ghlacann sé ar deaghstaid fé aon ghné amháin. Ver. 52. “Má itheann aon duine an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta;” “agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin chun beatha an domhain.” Ver. 58. “An t-é a dh’itheann mise beidh de m’bárr-sa.” Ver. 59. “An t-é a dh’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta.”