This page has been proofread.
SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST
DO RÉIR
EÓIN
Mac do Shebedé agus do Shalómé, agus dearbhráthair do Shéamus Mór, ab eadh N. Eóin, Asbol agus Soisgéalaidhe. Do tugtí air, deisgiobol ionmhuin Chríost, agus bhí sé n-a sheasamh i láthair an chéasta. Do sgríbh sé an Soisgéal tar éis na Soisgéalaidhthe eile ’ghá sgrí .i. tímpal trí bliana agus trí fichid tar éis deasgabhála ár Slánuightheóra. Chuir sé síos n-a sgríbhinn a lán neithe nár chuireadar-san síos. Do sgríbh sé an Soisgéal i nGréigis agus tugaid na Gréagaigh an teidiol “diadha” dhó. Innseann N. Ieróm go raibh na bráithre ag tathant air an Soisgéal do sgrí agus go ndubhairt sé go sgríobhfadh dá ndeinidís go léir trosgadh i n-aonfheacht agus a nguídhe do chur suas chun Dé ’n uile chómhacht. Do deineadh san, agus ansan, lán de shoilsiú ó neamh, do sgaoíl sé amach an tusnú so, “I dtusach do bhí an Briathar,” agus ⁊rl.
CAIBIDIOL I.
Diadhacht Chríost agus a Incholnadh. Fiadhnaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisgiobuil do ghlaodhach.
1I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ab eadh an Briathar. 2Do bhí so i dtusach i bhfochair Dé. 3Is tríd a deineadh an uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d’ár deineadh. 4Is ann a bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha. 5Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.
6[1]Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainim dó. 7Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd. 8Níor bh’é an solus é, ach chun fiadhnaise dhéanamh i dtaobh an tsoluis. 9Dob’ é sin an
223
18