Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/219

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXI. 25
209
LÚCÁS

i mbraighdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beidh Ierusalem treasgartha fé chosaibh na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréimhseacha na ngeinte.

25[1]Agus beidh cómharthaí sa ghréin agus sa rae agus ins na réiltibh; agus brúth na ngeinte ins na tíorthaibh, tré mearbhall fothraim na mara agus na dtonn. 26Daoine d’á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh. 27Agus an uair sin chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal le mór-chómhacht agus le gradam. 28Nuair a bheidh na neithe seo ag tusnú, ámhthach, déinidh-se féachaint suas agus bhúr gcinn do thógáilt, mar tá bhúr bhfuasgailt buailte libh. 29Agus do labhair sé soluíd leó: Chíonn sibh an crann fíge agus na crainn go léir; 30Nuair a bhionn a dtoradh acu d’á chur amach is eól daoibh an samhra bheith buailte libh. 31Mar sin daoibh-se; nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht bíodh ’fhios agaibh rígheacht Dé bheith buailte libh. 32Abraim libh go deimhin ná beidh an tsliocht so imthighthe go gcómhlíonfar na neithe seo go léir. 33Raghaidh neamh agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.

34Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh. 35Óir tiocfaidh sé ar nós gaiste ar na daoine go léir atá suidhte ar uachtar an domhain uile. 36Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag déanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.

37Agus bhíodh sé ag teagasg sa teampul gach lá; agus d’imthigheadh sé amach agus thugadh sé an oidhche ar an sliabh ar a dtugtar Olibhet. 38Agus thagadh na daoine go léir go moch ar maidin isteach sa teampul chun bheith ag éisteacht leis.

  1. Isáias xiii. 19; Ezech. xxxiii. 7; Ióel ii. 10, 31; iii. 7.