Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/218

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
208
Caib. XXI. 8
LÚCÁS

8Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad.

9Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná bíodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós. 10Ansan dubhairt sé leó: Eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta,

11Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áiteana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgannramhla ó’n spéir, agus cómharthaí móra.

12Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se. 13Beidh san i n’fhiadhnuise dhaoibh-se, ámhthach. 14Ceapaidh i nbhúr n-aigne, d’á bhrígh sin, gan machtnamh a dhéanamh roim ré ar conus a fhreagróchaidh sibh, 15Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur ’n-a gcoinnibh ’ná labhairt ’n-a gcoinnibh. 16Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d’bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus búr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun báis. 17Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ainim-se. 18Ach ruibe de ghruaig bhúr gcinn ní raghaidh amú. 19I nbhúr bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha.

20[1]Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d’á tímpaladh le sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte libh. 21Ansan na daoine atá i n-Iudaéa teithidís chun na gcnoc, agus na daoine atá ’n-a lár imthighdís amach, agus na daoine ins na tuaithibh ná téidís isteach inti; 22Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómhlíonfar gach a bhfuil sgríobhtha. 23Is léanmhar, ámhthach, do lucht clainne dh’iompar agus do lucht banaltranais ins na laethanta san, óir beidh guais ana-dhian ar an ndúthaigh, agus fearg chun na ndaoine seo. 24Agus tuitfid siad le béal an chlaidhimh, agus béarfar

  1. Dan. ix. 27.