Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/217

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XX. 41
207
LÚCÁS

41Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith ’n-a mhac ag Dáibhid, 42Agus go ndeir Dáibhid féin, i leabhar na Salm, [1]Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna: Suidh ar mo dheis, 43Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh. 44Tugann Dáibhid a Thighearna air; agus conus atá sé ’n-a mhac aige?

45Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh agus na daoine go léir ag éisteacht leis: 46Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh’fhagháil ins na sinagógaibh, agus na h-ineada uachtaracha ag na féastaíbh. 47Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.



CAIBIDIOL XXI.

Cianóg na baintríghe. Na cómharthaí a thiocfadh roim íde Ierúsalem, agus roim dheire an tsaoghail.


1Agus bhí sé ag féachaint ar na daoine a bhí saidhbhir agus iad ag cur a dtabharthas isteach sa chiste. 2Agus chonaic sé baintreach bhocht ag teacht, agus chuir sí dhá chianóig isteach ann. 3Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó isteach ’ná mar a chuir an chuid eile go léir. 4Óir is d’á n-iomarca a chuireadar san go léir rud isteach i dtabharthas Dé, ach is d’á h-uireasba a chuir sí seo isteach rud, a raibh an tsaoghal aici.


5Agus bhí daoine éigin ’á rádh, i dtaobh an teampail, gur bh’ áluinn na clocha a bhí ann agus na tíodhlaicí, agus dubhairt sé: 6Na neithe sin a chíonn sibh, tiocfaidh na laethanta agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan raobadh. 7Agus cheistigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht?

  1. Salm cix. 1.