Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/216

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
206
Caib. XX. 24
LÚCÁS

bheith a’m brath? 24Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D’fhreagradar agus dubhradar: Le Caesar. 25Agus dubhairt sé leó: [1]Má seadh tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. 26Agus níor fhéadadar locht fhághail ar a chaint i láthair na ndaoine; agus le h-iongna, mar gheall ar an bhfreagra, d’éisteadar.

27Agus tháinig cuid de sna Sadducíneachaibh, daoine a shéanann aiseirighe na colna, agus chuireadar ceisd chuige, 28Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn, [2]Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. 29Bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan sliocht. 30Do thóg an tarna duine acu an bhean, agus fuair sé sin bás, leis, gan sliocht. 31Do thóg an trímhadh duine í. Agus mar sin do’n mhórsheisear go léir, agus níor fhágadar sliocht, agus fuaradar bás. 32’N-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. 33Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé’cu dhíobh go mbeidh sí ’n-a mnaoi aige? óir bhí sí ’n-a mnaoi, ag an mórsheisear. 34Agus dubhairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósadh clann an tsaoghail seo. 35Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná. 36Óir ní fhéadfaid siad bás d’fhághail a thuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus ’n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseirighe iad.

37Ach taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go n-eireóchaidh na mairbh, mar a dtugann sé ar an dTighearna [3]Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácóib. 38Ní do dhaoine atá marbh is Dia é ámhthach, ach do dhaoine atá beó; óir is beó dhó iad go léir. 39Agus d’fhreagair cuid de sna Sgríbhneóiríbh é agus dubhradar: A Mháighistir, is maith adubhraís é. 40Agus as san amach níor leómhaigh aoinne acu aon cheist do chur chuige.

  1. Rómh. xiii. 7.
  2. Deut. xxv. 5.
  3. Exod. iii. 6.