Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/215

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XX. 10
205
LÚCÁS

achta ar feadh abhfad. 10Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. 11Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é. Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é. 12Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine: Do chréachtnuighdar é sin, agus chaitheadar amach é. 13Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b’fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó. 14Ach nuair a chonaic an lucht saothruighthe é dheineadar machtnamh, agus dubhradar: Sidé an t-oighre; marbhuighmís é i dtreó go mbeidh an oighreacht againn. 15Agus chaitheadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt leó san? 16Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé íde ar an lucht saothruighthe sin, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair airigheadar-san an focal dubhradar: Nár leigidh Dia san! 17Agus d’fhéach sé ortha agus dubhairt sé: Má seadh cad é seo atá sgríobhtha: [1]An chloch a chaith na saoir uatha tá sí ’n-a cloich chinn chúinne. 18An t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, bascfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.

19Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.

20Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint, i dtreó go ndéanfaidís é thabhairt suas do chómhacht agus d’úghdarás an ghoibhearnóra. 21Agus chuireadar ceist chuige agus dubhradar: A Mháighistir, is eól dúinn go labhrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar phearsain, ach an tslígh chun Dé do mhúineadh go fíor; 22An dleaghthach dhúinn cíos do dhíol le Caesar, nó gan a dhíol? 23Agus mar chonaic sé an feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh

  1. Salm cxvii. 22; Isáias xxviii. 16; Gníomh. iv. 11.