Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/220

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
210
Caib. XXII. 1
LÚCÁS


CAIBIDIOL XXII.

Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An chéad chuid de thuairisg na Páise.


1Agus bhí féile an aráin gan giost i n-achmaireacht, ar a dtugtar an Cháisg. 2Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun báis; ach bhí eagla na ndaoine ortha. 3Ach do chuaidh Sátan isteach i n-Iúdás, ar a dtugtí Iscariót, duine de’n dáréag. 4Agus d’imthigh sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt suas dóibh. 5Agus bhí áthas ortha, agus dheineadar margadh leis go dtabharfaidís airgead dó. 6Agus dhein sé an margadh leó, agus bhí sé ag faire go bhfaghadh sé caoi ar é thabhairt suas dóibh nuair ná beadh na daoine ann.


7Agus tháinig lá an aráin gan giost, nuair ba cheart an t-uan cásga do mharbhú. 8Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é. 9Agus dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóchaimís é? 10Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh agus árthach uisge aige d’á iompar; leanaidh é go dtí an tigh go raghaidh sé isteach ann; 11Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul? 12Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seómra mór agus é curtha i dtreó, agus deinidh an t-ollamhú ansan. 13Agus d’imthigheadar agus fuaradar gach nídh mar a dubhairt sé leó agus d’ ollamhuigheadar an cháisg.

14Agus nuair a tháinig an t-am do shuidh sé, agus an dáréag Aspol i n-a fhochair; 15Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh’ithe ’nbhur bhfochair roimh fhulang dom; 16Óir deirim libh ná h-íosfad é feasda go dtí go gcómhlíonfar é i rígheacht Dé. 17Agus thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus