CAIBIDIOL XVIII.
1Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is ceart [1]bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan bheith cortha dhe. 2Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige. 3Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas dom ar mo namhaid.[* 1] 4Agus ní dhéanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam, sa n-am gcéadna, 5ó tá an bhaintreach so a’m buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici. 6Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart; 7Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d’á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air do ló agus d’oidhche? 8Deirim libh go gcuirfidh sé ceart i bhfeidhm dóibh go mear. Ach sa n-am gcéadna, nuair a thiocfaidh Mac an Duine an dóigh leat an bhfaghaidh sé creideamh ar talamh?
9Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a bhí mainghíneach asta féin, mar dh’eadh go rabhadar fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile: 10Chuaidh beirt suas sa teampul chun úrnuighthe dhéanamh. Fairisíneach ab eadh duine acu agus puibliocánach ab eadh an duine eile. 11Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin. 12Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugaim
- ↑ Eccli. xviii. 22; 1 Tess. v. 17.
- ↑ Ver. 3. “Dein díoghaltas dom ar mo namhaid,” .i. “Bain mo cheart amach dom.” Nós cainte ab eadh é ag na h-Eabhraigh.