Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/207

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVII. 23
197
LÚCÁS

laethibh Mhic an Duine a dh’fheisgint, agus ní fheicfidh sibh é. 23Agus déarfaid siad libh, Féach anso é, agus, Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad.

24Óir, mar an splannc a lasann fé’n spéir, ar na neithe atá fé’n spéir, iseadh bheidh Mac an Duine ’n-a lá féin. 25Ní foláir dó ar dtúis, ámhthach, mórán d’fhulang, agus an tsliocht só ’ghá shéanadh. 26[1]Agus mar a thárla i laethibh Nóe iseadh bheidh i laethibh Mhic an Duine. 27Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá ’n-ar chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus do bháidh sí iad go léir. 28[2]Díreach mar a thárla i laethibh Loit: Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag ceannach agus ag díol, ag cur síl agus ag déanamh tighthe; 29Agus an lá a dh’imthigh Lot amach a’ Sodomaibh do thuit an cith teine agus an chlochghorm ó neamh ortha, agus do loisgeadh iad go léir. 30Mar sin iseadh bheidh, an lá a taisbeánfar Mac an Duine.

31An lá san, an t-é bheidh ar bhuaic an tighe, agus a chuid sa tigh, ná téigheadh sé isteach a d’iarraidh a choda; agus an t-é a bheidh sa pháirc, ar an gcuma gcéadna, ná téigheadh sé thar n-ais. 32Cuimhnighidh ar mhnaoi Loit. 33Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.

34Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 35Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile; Beirt fhear sa pháirc: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 36Dubhradar leis ’ghá fhreagradh: Canad, a Thighearna? 37Agus dubhairt sé leó: An áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a cruinneofar na fiolair.

  1. Gen. vii. 7.
  2. Gen. xix. 25.