Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/206

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
196
Caib. XVII. 8
LÚCÁS

Imthigh láithreach agus suidh chun bídh? Agus ná déarfaidh leis, 8Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte agus ólta agam, agus ’n-a dhiaidh san déanfair-se ithe agus ól. 9An amhlaidh a gheobhaidh sé a bhuidheachas leis an seirbhíseach san toisg gur dhein sé an rud a dh’órduigh sé dhó a dhéanamh? 10Ní h-eadh, dar liom. Mar sin daoibh-se, nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh mar atá órduighthe dhaoibh, abraidh: Seirbhísigh gan mhaith iseadh sinn; an rud a bhí fhiachaibh orainn a dhéanamh isé a dheineamair.


11Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí; 12Agus ag dul isteach dó i mbaile áirithe do bhuail deichniúbhar lobhar uime, agus do sheasuigheadar abhfad amach uaidh, Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: 13A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne. 14Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: [1]Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad. 15Ach bhí duine acu agus nuair a chonaic sé go raibh sé glan, d’fhill sé thar n-ais agus é ag moladh Dé go h-árd, 16Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabháil a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é. 17Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt: Nár glanadh deichniúbhar? Agus an naonbhúr eile, cá bhfuil siad? 18Nár fuaradh aoinne chun teacht agus glóire thabhairt do Dhia ach an duine iasachta so? 19Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú.

20Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thiocfaidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagradh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar bheith ag faire air. 21Ná ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg.

22Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Tiocfaidh na laethanta ’n-a mbeidh dúil agaibh aon lá amháin de

  1. Lebhit. xiv. 2.