Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/209

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVIII. 13
199
LÚCÁS

deachmhadh as a bhfuil agam. 13Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé. 14Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gach duine dh’árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh’úmhlóchaidh é féin, árdófar é.


15Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh féin ag triall air go gcuirfeadh sé a lámh ortha; agus nuair chonaic na deisgiobuil an nídh sin bhíodar ’ghá gcosg. 16Agus ghlaoidh Íosa chuige iad, agus dubhairt sé: Leigidh do sna leanbhaí teacht chúgham agus ná bídhidh ’ghá gcosg; óir is d’á leithéidí sin rígheacht Dé. 17Go deimhin adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann.

18Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? 19Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin. 20Táid na h-aitheanta agat: [1]Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná tabhair fiadhnuise bhréige; Tabhair do t’athair agus dod’mháthair onóir. 21Agus dubhairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m’ óige. 22Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise. 23Nuair airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar fear ana-shaidhbhir ab eadh é. 24Agus nuair a chonaic Íosa an bhuairt air dubhairt sé: Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! 25Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. 26Agus dubhairt an mhuintir a bhí ag éisteacht leis: Má ’seadh cé fhéadfaidh dul saor? 27Agus dubhairt sé leó: Neithe nách féidir i láthair daoine is féidir i láthair Dé iad.

  1. Exod. xx. 13.