CAIBIDIOL XV.
1Agus bhí na puibliocánaigh agus na peacaigh ag teacht chuige ag éisteacht leis. 2Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.
3Agus do labhair seisean leó an tsoluíd seo:
4[1]Cé’cu agaibh-se go mbeadh céad caora aige, agus go raghadh caora acu amú uaidh, ná fágfadh na naoi gcinn déag agus cheithre fichid sa bhfásach agus ná raghadh ar lorg an chinn a cailleadh go dtí go bhfaghadh sé í? 5Agus nuair a gheibheann sé í tógann sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air, 6Agus nuair a thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh. 7Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.
8Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich [2]ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é? 9Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chailleas. 10Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe.[* 1]
- ↑ Mait. xviii. 12.
- ↑ .i. Pingin Rómhánach: an t-ochtmhadh cuid d’uinge airgid.
- ↑ Ver. 10. “I lathair aingeal Dé.”—Taisbeánann an chaint sin go bhfuil suím ag aingealaibh na bhflathas ionainne atá annso thíos, agus go mbíonn áthas ortha nuair a dheinimíd aithrighe, agus d’á bhrígh sin go mbíonn eólus acu air.