Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/199

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIV. 25
189
LÚCÁS

libh ámhthach, an mhuintir úd a fuair cuireadh, ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhia.

25Agus bhí mórán daoine ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis, agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leó: 26Má thagann duine chúgham-sa agus gan fuath aige d’á athair agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi agus d’á chlainn, agus d’á dhritháracha agus d’á dhriféaracha, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam.[* 1] 27Agus an t-é ná deineann a chros féin d’iompar agus teacht am’ dhiaidh, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam. 28Óir cé’cu agaibh-se gur mhaith leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féachaint an mbeadh dóithin na h-oibre aige? 29Le h-eagla, tar éis an bhuinn do chur agus gan ar a chumas críochnú, go dtusnóchadh gach a bhfeicfeadh é ar mhagadh fé, 30Agus go ndéarfaidís: Dhein an duine seo tusnú ar chur suas, agus ní’l ar a chumas críochnú. 31Nó cé h-é an rí a bheadh ag dul chun cogaidh a dhéanamh le rí eile, ná suídhfeadh síos ar dtúis ag déanamh machtnaimh, féachaint ar bh’ fhéidir dó, le deich míle, seasamh i n-aghaidh an t-é atá ag teacht ’n-a choinnibh agus fiche míle aige? 32Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána. 33Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam-sa.

34Is maith an rud salann, ach má chailleann an salann a bhlas, cad leis go ndéanfar deigh-bhlasta é? 35Ní’l tairbhe ann do’n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé.

  1. Ver. 26. “Gan fuath aige.”—Ní cheaduigheann dlígh Chríost dúinn fuath a thabhairt d’ár namhaid féin, gan trácht ar ár n-athair agus ár máthair. Ach isé brígh atá leis an gcaint ’ná so, .i. gur ceart dúinn ár n-aigne bheith socair againn ar sgaramhaint le gach nídh, agus le gach duine d’á annsacht, do choisgfadh sinn ar Chríost do leanmhaint.