Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/198

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
188
Caib. XIV. 12
LÚCÁS

Ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é.

12Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó féin: [1]Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla go dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaí do chuid thar n-ais duit. 13Ach nuair a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill, 14Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon.

15Nuair a dh’airigh duine d’á raibh láithreach an focal san dubhairt sé: Is aoibhinn do’n t-é a dh’íosfaidh arán i rígheacht Dé. 16Agus dubhairt seisean leis: [2]Do dhein fear féasda mór, agus thug sé cuireadh d’á lán daoine. 17Agus chuir sé a sheirbhíseach amach, nuair a tháinig am an fhéasda, chun a rádh leis an muintir a fuair cuireadh gur mhithid dóibh teacht mar go raibh gach nídh ollamh. 18Agus chromadar go léir i n-aonfheacht ar leathsgéal do ghabháil. Dubhairt an chéad duine, Tá tigh ceannuighthe agam, agus ní mór dhom dul amach ’ghá fheisgint: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. 19Agus dubhairt duine eile, Cheannuigheas chúig seisreacha damh, agus táim ag dul ’ghá dtriail: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. 20Agus dubhairt duine eile, Phósas bean, agus d’á bhrígh sin ní féidir dom teacht. 21Agus d’fhill an seirbhíseach agus d’innis sé na neithe sin d’á mháighistir. Ansan tháinig fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach, Imthigh amach d’urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus na bacaigh. 22Agus dubhairt an seirbhíseach, A thighearna, do deineadh mar a dh’órduighis, agus tá slígh fós. 23Agus dubhairt an tighearna leis an seirbhíseach, Imthigh amach fan na mbóithre agus fan na sgart, agus comáin isteach iad, i dtreó go líonfar mo thigh. 24Deirim

  1. Tob. iv. 7; Sean-ráidhte iii. 9.
  2. Mait. xxii. 2; Apoc. xix. 9.