Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/152

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
142
Caib. I. 75
LÚCÁS

namhad, 75I naomhthacht agus i bhfíoraontacht ’n‑a láthair, gach lá dh’ár saoghal.


76Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó, 77[1]Ag tabhairt eóluis slánuighthe d’á phobul, ionus go maithfí a bpeacaí dhóibh; 78Tré inníbh trócaire ár nDia, n‑ar tháinig ’ghár bhféachaint an lóchaint a’ doimhneas na bhflathas. 79[2][W 1]Chun soluis a thabhairt do’n mhuintir atá ’n‑a suidhe i ndorchadas agus fé sgáil an bháis; chun ár gcosa do sheóladh i slígh na síothchána.


80Agus d’fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h‑áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’n‑a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.



CAIBIDIOL II.

Beirtear Críost. Tugtar do’n Tighearna é. Targaireacht Simeón. Faghtar Críost, i n‑aoís a dhá bhlian déag, ameasg na ndochtúirí.

1Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir. 2Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria. 3Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n‑a chathair féin. 4Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go [3]cathair Dháibhid ar a dtugtar [4]Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é. 5Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n‑aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne.

6Agus do thárla, agus iad ann, go dtáinig a h‑aimsir chun na clainne do bhreith; 7Agus do rug sí a

  1. Mal. iv. 5.
  2. Mal. iv. 2.
  3. 1 Rígh. xx. 6.
  4. Mich. v. 2.
  1. Níl aon chomhartha sa bhundoiciméad faoin áit ar cóir don fhonóta seo a bheith ann. Tá cuma dealraitheach ar an véarsa 79, ach ní gá go bhfuil seo ceart.