Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/153

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. II. 8
143
LÚCÁS

mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n‑éadaighibh é, agus chuir sí ’n‑a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.[* 1]

8Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad ag faire na dtráth sa n‑oidhche ar a dtréad. 9Agus féach, tháinig aingeal ó’n dTighearna agus sheasaimh sé ’n‑a n‑aice, agus do las solus Dé ’n‑a dtímpal, agus tháinig eagla mór ortha. 10Agus dubhairt an t‑aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir; 11mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid. 12Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh fillte i n‑éadaighibh ’n‑a luighe i mainséar. 13Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís: 14Glóire do Dhia ins na flathais go h‑árd, agus ar talamh síothcáin do lucht deagh-mhéinne.


15Agus do thárla, nuair a dh’imthigh na h‑aingil uatha suas ins na flathais, gur labhair na h‑aodhairí le n‑a chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an briathar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn. 16Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n‑a luighe sa mhainséar. 17Agus nuair a chonacadar do thuigeadar ’n‑a n‑aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san. 18Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h‑aodhairí dhóibh. 19Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú ’n‑a croidhe. 20Agus d’fhill na h‑aodhairí agus thugadar moladh agus glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó.

21[1]Agus nuair a críochnuigheadh an t‑ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh

  1. Gen. xvii. 12; Lebhit. xii. 3.
  1. Ver. 7. “A céadghein.” Ní h‑amhliadh a chialluigheann an chaint go raibh tuille clainne aici n‑a dhiaidh san. Nós cainte ag na h‑Eabhraigh ab eadh “céadghein” do thabhairt ar leanbh bíodh na beadh ag an lánmhain sin ach an t‑aon leanbh amháin sin.