57Agus tháinig aimsir Elisabet chun a clainne chur di, agus do rug sí mac. 58Agus d’airigh a cómharsain agus a gaolta go raibh an Tighearna tar éis a mhór-thrócaire dhéanamh uirthi, agus dheineadar gáirdeachas léi. 59Agus nuair a tháinig an t‑ochtmhadh lá, do tánathas chun tímpal-ghearradh do dhéanamh ar an leanbh, agus bhítheas chun Sacarias a thabhairt mar ainim air, ainim a athar. 60Agus d’fhreagair a mháthair agus dubhairt sí: Ní h‑eadh, ach Eóin a tabharfar air. 61Agus dubhradar léi: Ar ndó, ní’l aoinne ar do ghaoltaibh-se go bhfuil an ainim sin air. 62Agus do bhagradar ar a athair cad é an ainim ba mhaith leis a tabharfaí ar an leanbh. 63Agus d’iarr sé gléas chun sgríobhtha agus do sgríbh sé: [1]Eóin is ainim dó. Agus bhí iongna ortha go léir. 64Agus do h‑osgladh láithreach a bhéal agus a theanga dhó-san, agus do labhair sé agus do mhol sé Dia. 65Agus tháinig eagla air na cómharsain go léir, agus do h‑innseadh na neithe sin uile ar fuid sléibhte Iúdaéa ar fad. 66Agus gach aoinne a dh’airigh iad choimeád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n‑a chéile: Cad a bheidh againn ar ball ’n‑a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis.
67Agus do líonadh Sacarias, a athair, leis an Spioraid Naomh, agus do thargair sé mar seo:
68[2]Moladh leis an dTighearna, Dia Israéil, óir d’fhéach sé chun a dhaoine agus dhein sé a slánú; 69[3]Agus do chuir sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach Dáibhid a sheirbhíseach.[* 1] 70Fé mar a labhair sé tré bhéal na bhfáidh naomhtha atá ann aige ó thusach. 71Saoradh dhúinn ó n‑ár namhaid, agus ó láimh gach n‑aon a thug fuath dhúinn, 72Ag déanamh trócaire ar ár n‑aithreachaibh, agus ag coimeád cuimhne as a thiomna bheannuighthe féin. 73[4]An dearbhú a dhearbhuigh sé d’ár n‑athair Ábraham a thabharfadh sé dhúinn, 74Go ndéanfaimís, gan eagla, seirbhís dó, agus sinn saor ó lámhaibh ár