Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/150

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
140
Caib. I 39
LÚCÁS

39Agus d’eirigh Muire ins na laethibh sin, agus d’imthigh gan ríghneas fé dhéin na gcnoc, go cathair Iúdach. 40Agus tháinig sí isteach i dtigh Shacariais, agus bheannuigh sí d’Elisabet. 41Agus do thárla, nuair a dh’airigh Elisabet beannachadh Mhuire gur léim an leanbh a bhí ’n‑a broinn, agus do líonadh Elisabet de’n Spioraid Naomh. 42Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne. 43Agus cad a thug so dhóm-sa, máthair mo Thighearna do theacht ag triall orm? 44Mar, féach, chómh luath agus chuaidh guth do bheannachta am’ chluasaibh do léim an leanbh le h‑áthas am’ broinn. 45Agus is aoibhinn duit-se gur chreidis, óir cómhlíonfar duit na neithe a gealladh duit ó’n dTighearna. 46Agus dubhairt Muire: Mór-mholadh ó m’anam-sa do’n Tighearna, 47Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheóir; 48Óir d’fhéach sé ar ísleacht a chailín; mar féach, as so amach, déarfaid na sleachta go léir gurab aoibhinn dom.[* 1] 49Óir do dhein an t‑é atá cómhachtach neithe móra dhom, agus is naomhtha a ainim. 50Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht ar an muintir ar a bhfuil a eagla.


51[1]D’oibrigh sé cómhacht le n‑a láimh; do sgaip sé lucht an uabhair ’n‑a gcroidhe agus ’n‑a n‑aigne. 52Do leag sé lucht cómhacht ó n‑a gcathaoireachaibh ríoga, agus d’árduigh sé lucht na h‑úmhluigheachta. 53[2]Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris.


54Do ghlac sé Israél, a sheirbhíseach, ag cuímhneamh dó ar a thrócaire; 55Fé mar a labhair sé le n‑ár n‑aithreachaibh [3]le h‑Ábraham agus le n‑a shliocht go deó.

56Agus d’fhan Muire ’n‑a fochair-sin tímpal trí mhí, agus ansan tháinig sí chun a tighe féin.

  1. Isáias li. 9; Salm xxxii. 10.
  2. 1 Righ. ii. 5; Salm xxxiii. 11.
  3. Gen. xvii. 9; xxii. 16; Salm cxxxi. 11; Isáias xli. 8.
  1. Ver. 48. “Déarfaid … gurab aoibhinn dom.” Ínnstear anso an onóir a bhí le tabhairt ag an Eaglais do’n Mhaighdin Muir i gcaitheamh na gcéadta blian go léir. Féachadh Protestúntaigh an mbaineann an targaireacht so leó i n‑aon chor.