Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/149

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. I. 23
139
LÚCÁS

’fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an bhailbhe air.

23Agus do thárla, tar éis aimsire a dhualgais sagairt do chur dé, gur imthigh sé chun a thighe féin. 24Agus tar éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein, agus d’fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt sí: 25Seo mar a dhein an Tighearna liom é ins na laethibh ’n‑ar fhéach sé orm agus ’n‑ar thóg sé dhíom an aithis a bhí orm ameasg na ndaoine. 26Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t‑aingeal Gabriél ó Dhia go cathair i nGaililí dar bh’ainim Nasaret, ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh’ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do’n mhaighdin. 27Agus tháinig an t‑aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: 28Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh. 29Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san. 30Agus dubhairt an t‑aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé. 31[1]Féach, geobhair gein ad’ bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair [2]Íosa mar ainim air. 32Beidh an mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tighearna Dia dhó an chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid; [3]agus beidh sé ’n‑a rí i dteaghlach Iácóib go deó. 33Agus ní beidh deire le n‑a rígheacht. 34Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Conus a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agam-sa? 35Agus d’fhreagair an t‑aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d’á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé. 36Agus féach, siní Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi. 37Óir ní bheidh rádh ar bith nách féidir do Dhia. 38Ansan dubhairt Muire: Féach, mise cailín an Tighearna, deintear liom do réir t’fhocail. Agus d’imthigh an t‑aingeal uaithi.

  1. Isáias vii. 14.
  2. Infra ii. 21.
  3. Dan. vii. 14, 27; Mich. iv. 7.