Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/148

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
138
Caib. I. 6
LÚCÁS

6Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n‑aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h‑iomlán, gan cháim. 7Agus ní raibh clann acu, mar bhí Elisabet aimrid agus bhíodar araon ana-aosta.

8Do thárla, ámhthach, agus a dhualgas sagairt aige ’á dhéanamh, do réir a uanuigheachta, os cómhair Dé, 9Gur bh’air a thuit an crann, do réir nóis na sagart, agus go ndeaghaidh sé isteach i dteampul an Tighearna chun na túise do dhóghadh. 10[1]Agus bhí an pobul mór go léir amuigh ag guidhe le linn uaire na túise. 11Agus do taisbeánadh dó aingeal an Tighearna ’n‑a sheasamh ar dheis altórach na túise. 12Agus tháinig buaireamh agus eagla ar Shacarias nuair a chonaic sé é. 13Agus dubhairt an t‑aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air; 14Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an saoghal. 15Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin. 16Agus iompóchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia. 17Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, [2]chun croidhthe na n‑athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna. 18Agus dubhairt Sacarias leis an aingeal: Conus a bheidh a fhios san agam? Óir táim-se am’ sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta. 19Agus d’fhreagair an t‑aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobh-sgaoileadh dhuit. 20Agus féach, beidh tú gan caint, agus ní fhéadfair labhairt go dtí an lá ’n‑a gcómhlíonfar na neithe seo, toisg nár chreidis mo chaint-se do thiocfaidh chun cinn ’n‑a h‑aimsir féin. 21Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacarias, agus bhí iongna ortha é bheith ag déanamh righnis sa teampul. 22Agus nuair a tháinig sé amach ní fhéadfadh sé labhairt leó, agus bhí

  1. Exod. xxx. 7; Lebhit. xvi. 17.
  2. Mal. iv. 6.