Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/145

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVI. 4
135
MARCUS

dúinn ó bhéal an tuama? 4Agus nuair fhéachadar chonacadar an chloch iompuighthe siar. Agus cloch ana-mhór ab eadh í. 5Agus chuadar isteach sa tuama agus chonacadar an fear óg ’n‑a shuidhe ar thaobh na lámha deise agus éide gheal uime, agus tháinig eagal ortha. 6Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D’eirigh sé; ní’l sé anso; féach an áit ’n‑ar chuireadar é. 7Ach imthighidh, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go Gaililí; chífidh sibh sa n‑áit sin é, mar adubhairt sé libh.

8Ach do ritheadar amach as an uaigh, mar do tháinig sgannra agus critheagla ortha, agus ní dubhradar focal le h‑aoinne, mar bhí an t‑eagal ortha.

9Ach nuair aiseirigh sé ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, thaisbeáin sé é féin ar dtúis do Mháire Mhagdalén, an bhean as ar dhíbir sé na seacht ndeamhain. 10Agus d’imthigh sí sin agus d’innis sí é do’n mhuintir a bhíodh i n‑a fhochair, agus do bhí ag gol agus ag caoi. 11Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh sí é, níor chreideadar an sgéal. [1]12Agus ’n‑a dhiaidh san do thaisbeáin sé é féin i gcruth eile do bheirt acu agus iad ag siubhal, ag dul fá’n dtuath. 13Agus thánadar san agus d’innseadar do’n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag.

14Fé dheire, bhí an t‑aoinne déag acu ’n‑a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúr-chroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.

15Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh do’n uile chréatúir. 16An té a chreidfhidh agus a baistfar saorfar é: an té, ámh, ná creidfidh, daorfar é. 17Agus leanfaid na cómharthaí seo an mhuintir a chreidfidh: [2]Cuirfid siad deamhain a’ seilbh am’ ainim-se: [3]Labharfaid siad i dteangthachaibh nua. [4]18Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbh-