Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/144

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
134
Caib. XV. 41
MARCUS

agus Ióseiph, agus Salómé; 41Agus siniad a bhíodh ’ghá leanmhaint agus ag friothálamh air nuair a bhíodh sé i nGaililí; agus a lán ban eile a tháinig i n‑aonfheacht leis ainíos go Ierúsalem.


42Agus nuair a bhí an déanaíghe ann, (óir b’ é lá an ollamhuighthe é, a thagann roimis an sabbóid), 43Tháinig Ióseph ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a bhí ag súil le rígheacht Dé chómh maith le cách, agus chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíláit, agus d’iarr sé corp Íosa air. 44Agus bhí iongna ar Phílát a rádh go mbeadh sé tar éis bháis cheana féin. Agus chuir sé fios ar an dtaoiseach céad agus d’fhiafraigh sé dhe an raibh sé tar éis bháis. 45Agus nuair a fuair sé amach ó’n dtaoiseach céad go raibh, d’órduigh sé an corp do thabhairt do Ióseph. 46Agus do cheannuigh Ióseph línéadach agus thóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’fhill sé sa línéadach é, agus chuir sé isteach é i dtuama a bhí gearrtha a’ caraig, agus d’iompuigh sé leac chun doruis an tuama. 47Agus bhí Máire Mhagdalén agus Máire [máthair] Ióseiph ag féachaint ar an áit ’n‑ar cuireadh é.



CAIBIDIOL XVI.

Aiseiríghe Chríost agus a dheasgabháil.

1Agus nuair a bhí an tsabbóid imthighthe cheannuigh Máire Mhagdalén agus Máire, máthair Shéamuis, agus Salómé, spíosra cúmhrtha chun go dtiocfaidis agus go n‑ungfaidís Íosa. 2Agus thánadar go h‑ana-mhoch, ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, go dtí an tuama, agus bhí an ghrian ’n‑a suidhe;[* 1] 3Agus bhíodar ’ghá rádh le n‑a chéile: Cé dh’iompóchaidh siar an chloch

  1. Ver. 2. “Agus bhí an ghrian n‑a suidhe.”—Do ghluaiseadar sar a dtáinig an solus ag dul chun na h‑uagha, ach bhí an ghrian ’n‑a shuidhe um an dtaca ’nar shroiseadar an áit. Nú, i bhfigiúir, tráchtthar anso ar ghréin an chirt, .i., ar Íosa Críost, ár dTighearna, a bhí eirighthe sar a dtanadar.