Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/143

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
133
 

25[* 1]Agus bhí an trímhadh tráth ann, agus chéasadar é. 26Agus bhí teidiol a chúise sgríobhtha: RÍ NA N‑IÚDACH. 27Agus do chéasadar i n‑aonfheacht leis beirt bhitheamhnach, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlí. 28Agus do cómhlíonadh an sgriptiúir adeir: [1]Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh. 29Agus na daoine ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, agus chrothaidís a gceann agus deiridís: Bháth! do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá: 30Saor thu féin anois, agus tar anuas de’n chrois. 31Mar an gcéadna uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí, ag caint le chéile ag déanamh magaidh: Shábháil sé daoine eile, adeiridís; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. 32Tagadh Críost, rí Israéil, anuas de’n chrois anois go bhfeiceam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda i n‑a aice thugadar masla dhó.

33Agus nuair a tháinig an sémhadh tráth do luigh doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh tráth. 34Agus sa naomhadh tráth do ghlaoidh Íosa do ghuth árd: [2]Elóí, Elóí, lamá sabactání? nídh a míníghthear mar seo: A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? 35Agus dubhairt cuid d’á raibh láithreach: Féach, tá sé ag glaodhach ar Elias. 36Agus do rith duine acu agus do líon sé spúinse d’ fhínéigir agus chuir sé ar bhata é, agus thug sé dhó é le n‑ól, agus dubhairt sé: Fanaidh go bhfeiceam an dtiocfaidh Elias chun é thógaint anuas.

37Agus do ghlaoidh Íosa do ghuth árd, agus d’éag sé.

38Agus do stracadh brat an teampail ’n‑a dhá chuid ó bharr go bun. 39Agus nuair a chonaic an taoiseach céad a bhí ’n‑a sheasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé bás agus an guth árd san aige d’á chur as dubhairt sé: Gan amhras dob’ é Mac Dé an duine sin. 40Agus bhí mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig

  1. Isáias liii. 12.
  2. Salm xxi. 2.
  1. Ver. 25. “An trímhadh tráth.”—Do rainn an seana-chúntas an lá ’n‑a cheithre tráthannaibh agus do h‑ainimnigheadh gach tráth o’n uair ar an thusnuig sé, .i. an chéad tráth, an trímhadh tráth, an sémhadh tráth, agus an naomhadh tráth. Do ceasadh ár dTighearna beagán roim mheadhann lae sar ar chríochnuigh an trímhadh tráth, agus nuair a bhí an sémhadh tráth díreach ag teacht.
10