Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/142

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
132
Caib. XV. 6
MARCUS

6I gcaitheamh lae na féile, ámhthach, ba ghnáth leis aon phríosúnach amháin do leigint saor chúcha, aon phrío súnach a iarrfidís. 7Agus bhí aon phríosúnach amháin ann gur bh’ainim dó Barabbas, agus bhí sé gabhtha ameasg an lucht ceannairce, agus mhairbh sé duine i gceannairc. 8Agus tháinig an pobul agus chromadar ar iarraidh, mar ba ghnáth leis a dhéanamh dóibh. 9Agus d’fhreagair Pílát iad agus dubhairt sé: An toil libh go leigfinn saor chúghaibh rí na n‑Iúdach? 10Mar bhí fhios aige gur le mioscais a dhein uachtaráin na sagart é thabhairt chun lámha. 11Agus chuir na sagairt suas an pobul chun a rádh gur bh’é Barabbas a leigfeadh sé saor chúcha. 12Agus d’fhreagair Pílát airís iad agus dubhairt: Agus cad is toil libh a dhéanfad le rí na n‑Iúdach? 13Agus do liúghadar airís: Céas é. 14Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t‑olc atá déanta aige? Ach sin mar ab’ aoirde do liúghadar: Céas é. 15Agus chun an phobuil do ṡásamh do leig Pílát Barabbas saor chúcha, agus thug sé Íosa le céasadh, tar éis a sgiúrsála.

16Agus do rug na saighdiúirí leó é isteach i halla na cúirte, agus chruinnigheadar an bhuidhean go léir, 17Agus chuireadar brat corcra uime agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í; 18Agus chromadar ar bheannú dhó: Go mbeannuighthear duit, a rí na n‑Iúdach. 19Agus ansan do bhuailidís sa cheann é le cleith, agus chaithidís seile air, agus do chromaidís a nglúine ’ghá onórú. 20Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi do bhaineadar de an brat corcra, agus chuireadar a chuid éadaigh féin airís uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh.


21Agus bhí duine ag gabháil an bhóthair, n‑ar bh’ ainim dó Símón Círénéach, ag teacht ó’n dtuath, athair Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus chuireadar fhéachaint air an chros a dh’iompar dó. 22Agus do rugadar leó é go dtí an áit Golgota, le n‑a gcialluighthear áit an chloiginn. 23Agus thugadar deoch dó, fíon agus mirr tríd, agus níor ghlac sé é. 24Agus dó chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh féachaint cé bhéarfadh gach ball díobh.