Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/141

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
131
 

ladh le dóirnibh, agus deiridís: Targair: agus bhí na seirbhísigh ’ghá bhualadh le n‑a mbasaibh.

66Agus bhí Peadar sa halla thíos, agus tháinig duine de chailíníbh aimsire an árdshagairt, 67Agus nuair a chonaic sí Peadar ’ghá théidh féin, d’fhéach sí air agus dubhairt sí: Agus do bhís-se leis i bhfochair Íosa Nasareit. 68Agus do shéan seisean agus dubhairt: Ní’l fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n halla; agus do ghlaoidh an coileach. 69Agus do chonaic an cailín airís é, agus dubhairt sí leis an muintir a bhí ’n‑a seasaṁ ann: Is duine acu súd é seo. 70Agus do shéan seisean airís. Agus tar éis tamaill bhig dubhairt an ṁuintir a bhí ’n‑a seasaṁ ann airís, le Peadar: Go deimhin is duine acu súd tu, mar is Gaililiach tu. 71Agus do chrom seisean ar easgainidhe agus ar a dhearbhú: Ní’l aon aithne agam ar an nduine sin adeireann sibh. 72Agus ansan do ghlaoidh an coileach an tarna h‑uair. Agus do chuiṁnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa: Sar a nglaoidhfidh an coileach dhá uair séanfair mé trí h‑uaire. Agus chrom sé ar ghol.


CAIBIDIOL XV.

Tuairisg na páise ar leanṁaint.

1Agus ar maidin lár n‑a mháireach go luath chuaidh uachtaráin na sagart i gcómhairle leis na seanóiríbh agus leis na Sgríbhneóiríbh, agus leis an gcómhairle choitchian, agus thugadar suas Íosa, gabhtha, do Phílát. 2Agus d’fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n‑Iúdach? Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: [1]Deirir-se é. 3Agus do chuir uachtaráin na sagart a lán neithe ’n‑a leith. 4Agus cheistigh Pílát airís é, agus dubhairt: Nách bhfuil aon fhreagra agat le tabhairt? Féach a bhfuil acu ’á chur ad’ leith. 5Agus níor fhreagair Íosa focal eile, i dtreó go raibh iongna ar Phílát.

  1. .i. Is fíor an nídh a deirir.