Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/132

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
122
Caib. XII. 21
MARCUS

sé bás gan clann fhágáilt. 21Agus do ghlac an tarna duine acu í, agus fuair sé bás, agus níor fhág sé sin clann ach chómh beag. Agus an trímhadh fear ar an gcuma gcéadna. 22Agus do ghlac an mórsheisear í ar an gcuma san, agus niór fhágadar clann. I n‑a ndiaidh go léir do fuair an bhean bás. 23D’á bhrígh sin, nuair thiocfaidh an aiseirighe, agus nuair a dh’eireóchaid siad go léir, cé ’cu dhíobh gur leis an bhean? Óir bhí sí ’n‑a mnaoi ag an mórsheisear. 24Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Nác é atá ’bhúr gcur amú gan eólus a bheith agaibh ar an scriptiúir, ná ar chómhachtaibh Dé? 25Óir, nuair a dh’eireóchaid siad ó sna mairbh ní bheidh pósadh ná tabhairt le pósadh feasta, ach beid siad ar nós na n‑aingeal ins na flathais. 26I dtaobh na marbh, ámhthach, go n‑eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: [1]Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib. 27Ní do dhaoine marbha is Dia é ach do dhaoine atá beó. D’á bhrígh sin is mór atáthaoi-se amú.

28Agus tháinig chuige duine de sna Sgríbhneóiribh a bhí ag éisteacht leó-san ag déanamh an aighnis, agus nuair a chonaic a fheabhas do fhreagair sé iad, d’fhiafraigh sé dhe cad í an chéad aithne de sna h‑aitheantaibh go léir. 29Agus d’fhreagair Íosa é: Isí an chéad aithne dhíobh go léir: [2]Clois, a Israéil, is aon Dia amháin do Thíghearna Dia-se; 30Agus grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód’ chroídhe go h‑iomlán, agus ót’ anam go h‑iomlán, agus ót’ aigne go h‑iomlán, agus ód’ neart go h‑iomlán. 31Siní an chéad aithne. Agus is cosmhail léi an tarna h‑aithne; [3]Grádhfair do chómharsa mar thu féin. Ní’l aithne eile is mó ná iad san. 32Agus dubhairt an Sgríbhneóir leis: Maith, a Mháighistir. Do labhrais fírinne, aon gur b’eadh Dia, agus ná fuil ann ach é. 33Agus é ghrádhú ó chroidhe go h‑iomlán, agus ó thuisgint go h‑iomlán, agus ó anam go h‑iomlán, agus ó neart go h‑iomlán, agus an chómharsa do ghrádhú mar dhuine féin. Is mó san ’ná gach ídhbirt agus ’ná gach ofráil. 34Agus nuair a chonaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar,

  1. Exod. iii. 6.
  2. Deut. vi. 4.
  3. Lebhit. xix. 18.