Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/131

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XII. 7
121
MARCUS

Tabharfaid siad uraim dom’ mhac. 7Ach dubhairt an lucht saothruighthe le n‑a chéile: Sidé an t‑oighre; téanam, cuirimís chun báis é, agus beidh an oighreacht againn. 8Agus do rugadar air, agus do chuireadar chun báis é, agus chaitheadar lasmuigh de’n fhíonghort é. Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt sin? 9Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé díbheirg ar an lucht saothruighthe sin agus tabharfaidh sé an fíonghort d’á malairt.

10Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo, [1]An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá ’n‑a cloich chinn cúinne; 11Isé an Tighearna do dhein an nídh sin, agus is iongantach é i n‑ár súilibh-ne? 12Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.

13Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air ’n‑a chaint. 14Agus thánadar chuige agus dubhradar leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní fhéachann tú chun gnúise aon duine, ach slígh Dé do mhúineadh do réir fírinne. An dleaghthach cíos a dhíol le Caesar nó gan a dhíol? An dtabharfam é nó an gcoimeádfam é? 15Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith am’ brath? Tugaidh chugham píosa airgid go bhfeicead é. 16Agus thugadar chuige é. Agus dubhairt sé leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Dubhradar leis: Le Caesar. 17Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: [2]Tugaidh, d’á bhrígh sin, do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia.

18Ansan tháinig chuige na Sadducínigh, daoine a shéanann aiseirighe na marbh, agus chuireadar ceist chuige agus dubhradar; 19A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn: [3]Má gheibheann dritháir dhuine bás agus go bhfágann sé a bhean, agus ná fágann sé clann ’n‑a dhiaidh, go nglacfaidh a dhritháir an bhean, agus go dtógfaidh sé clann d’á dhritháir. 20Ach bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair

  1. Salm cxvii. 22; Isáias xxviii. 16.
  2. Rómh. xiii. 7.
  3. Deut. xxv. 5.