Íosa iad agus dubhairt: Cuirfead-sa, leis, aon cheist amháin chúghaibh-se, agus tugaidh freagra orm, agus ansan neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. 30An baisteadh a dhein Eóin ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine? Tugaidh freagra orm. 31Ach do chromadar ar mhachtnamh ’n‑a n‑aigne, agus dubhradar: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é, déarfaidh sé, Cad ’n‑a thaobh, má ’seadh, nár chreideabhair é? 32Agus má deirimíd gur bh’ ó dhaoine é, is baoghal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáidh dáiríribh ab eadh Eóin. 33Agus d’fhreagradar agus dubhradar le h‑Íosa: Ní fheadramair. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.
CAIBIDIOL XII.
1Agus do chrom sé ar labhairt leó i soluídíbh: [1]Do chuir duine fíonghort, agus dhein sé fál ’n‑a thímpal, agus dhein sé clais ann chun an fhíona do bhrúth, agus chuir sé suas túr ann, agus do chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus d’imthigh sé i gcéin. 2Agus nuair a tháinig an t‑am chuir sé seirbhíseach ag triall ar an lucht saothruighthe chun toradh an fhíonghuirt d’fhághail ó’n lucht saothruighthe. 3Agus do rugadar ar an seirbhíseach, agus ghabhadar air, agus chuireadar chun siubhail folamh é. 4Agus airís chuir sé chúcha seirbhíseach eile; agus do ghoineadar é sin, sa cheann, agus thugadar tarcuisne dhó. 5Agus airís chuir sé seirbhíseach eile ag triall ortha: agus do mharbhuigheadar é féin; agus mórán eile; do ghabhadar ar chuid acu, agus do mharbhuigheadar cuid acu. 6Ach do bhí aige aon mhac amháin, ró-dhílis; agus chuir sé é sin chúcha sa deire, agus dubhairt sé
- ↑ Isáias v. 1.