Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/133

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XII. 35.
123
MARCUS

dubhairt sé leis: Ní’lir-se abhfad ó rígheacht Dé. Agus niór leómhaigh aoinne é cheisdiú as san amach.

35Agus bhí Íosa ag teagasg sa teampul agus dubhairt sé: Conus adeir na Sgríbhneóirí gur mac do Dháibhid Críost? 36Óir deir Dáibhid féin, sa Spioraid Naomh, [1]Dubhairt an Tighearna lem’ Thighearna, Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar thaca féd’ chosaibh. 37Mar sin, tugann Dáibhid féin a Thighearna air, agus conus atá sé ’n‑a mhac aige? Agus d’éist an pobul mór leis agus áthas ortha.

38Agus dubhairt sé leó agus é ’ghá dteagasg: Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i n‑éadaighibh fada, agus go ndéanfaí úmhlú dhóibh i n‑áit an mhargaidh; 39Agus suidhe ins na cathaoireachaibh uachtair ins na sinagógaibh, agus ins na h‑ineadaibh tusaigh chun búird; 40Ithid siad [2]teaghlacha na mbaintreach ar sgáth úrnuighthe fada: Gheobhaid siad san an bhreith is truime.

41Agus do shuidh Íosa i n‑aice áite an chiste, agus thug sé fé ndeara conus a chuireadh na daoine airgead isteach ann, agus do chuir a lán daoine saidhbhire mórán isteach ann. 42Agus do tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóig, ’sé sin feóirling. 43Agus ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh gur mó a chuir an bhaintreach bhocht dhealbh so isteach sa chiste ’ná mar a chuir aoinne eile d’ár chuir rud ann; 44Óir do chuir an chuid eile ann as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid an tsaoghal.


CAIBIDIOL XIII.

An íde a bhí le teacht ar an dteampul, agus na cómharthaí atá le teacht roim lá an bhreitheamhantais.


1Agus nuair a bhí sé ag dul amach as an dteampul dubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis: Féach, a Mháighistir, cad iad mar chlocha agus cad é mar dhéanamh! 2Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Chíonn tú na

  1. Salm. cix. 1.
  2. .i. a saoghaltas.