Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/120

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
110
Caib. VIII. 34
MARCUS

go bagarthach le Peadar, agus dubhairt sé: Imthigh lastiar díom, a Shátain, óir ní h‑iad na neithe a bhaineann le Dia is mian leat, ach na neithe a bhaineann le daoine.

34Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil i n‑aonfheacht, agus dubhairt sé leó: [1]Má’s mian le h‑aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus glacadh sé chuige a chros, agus leanadh sé mé. 35Óir, an t‑é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t‑é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam. 36Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin? 37Nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam? 38Óir an t‑é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n‑aingeal naomhtha. 39Agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n‑a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad an bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé ag teacht i gcómhacht.


CAIBIDIOL IX.

An t‑Atharú gné ar Chríost. Deamhain bhalbha aige dá gcur amach as daoíne. Úmhaluígheacht aige dá theagasg, ⁊ sgannal do sheachnadh.


1Agus i gceann sé lá do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do sheól sé iad, ’n‑a n‑aonar, suas ar chnoc árd, fé leith, agus d’athruigh a dhealbh os a gcómhair. 2Agus bhí a chuid éadaigh ag taithneamh chómh geal le sneachta, ar chuma ná féadfadh aon úcaire ar talamh iad do ghealadh. 3Agus do taisbeánadh dóibh Elias agus Maois agus iad ag caint le h‑Íosa. 4Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h‑Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus leig dúinn trí puible dhéanamh anso, pubal duit-se,