Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/121

From Wikisource
This page has been proofread.
Caib. IX. 5
111
MARCUS

agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. 5Óir ní fheidir sé cad a bhí aige dh’á rádh, mar bhíodar sgannruighthe le h‑eagla. 6Agus tháinig sgamal agus chlúduigh sé iad agus tháinig guth as an sgamal a dubhairt: Isé seo mo Mhac ró-ionmhuin: éistidh leis. 7Agus, láithreach, d’fhéachadar ’n‑a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin ’n‑a bhfochair. 8Agus ag teacht anuas dóibh ó’n gcnoc, thug Íosa foláramh dóibh gan an radharc a chonacadar a dh’innsint d’aoinne go dtí go mbeadh Mac an Duine eirighthe ós na mairbh. 9Agus choimeádadar an focal san eatartha ’ghá fhiafraighe dh’á chéile cad é a bhrígh sin, Go mbeadh sé eirighthe ós na mairbh.

10Agus chuireadar ceist chuige, agus dubhradar: [1]Cad chuige, má ’seadh, go ndeir na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? 11Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: Nuair a thiocfaidh Elias ar dtúis cuirfidh sé gach nídh ’n‑a cheart airís; agus conus mar atá [2]sgríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go bhfuilingeóchadh sé mórán agus go dtabharfaí tarcuisne dhó. 12Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha ’n‑a thaobh.

13Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus chonaic sé sluagh mhór ’n‑a dtímpal agus na Sgríbhneóirí ag aighneas leó. 14Agus, láithreach, nuair a chonaic na daoine go léir Íosa tháinig sgannra ortha agus uathbhás, agus do ritheadar chuige agus d’fháiltigheadar roimis, Agus d’fhiafraigh sé dhíobh: 15Cad é an ceisdiúchán é seo atá eadraibh? 16Agus d’fhreagair duine de’n tsluagh agus dubhairt sé: A Mháighistir, thugas liom anso ag triall ort mo mhac, mar tá deamhan balbh ann. 17Agus pé ball ’n‑a mbeireann sé é bíonn sé ’ghá chaitheamh, agus cúbhar leis, agus a fhiacala ag díoscán, agus é d’á shnaoí amach. Agus d’iarras ar do dheisgiobulaibh é chur amach, agus níor fhéadadar é. 18Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ó, a shliocht gan creideamh, cad é an fhaid a bheidh mé eadraibh? Cad é an fhaid a dh’fhuilingeóchad libh? Tugaidh chúgham-sa é. 19Agus thugadar chuige é. Agus

  1. Mal. iv. 5.
  2. Isáias liii. 3. 4.