le dhá mhíle acu, i ndiaidh mhullach a gcinn, isteach sa bhfaraige agus do báthadh iad sa bhfaraige. 14Agus na daoine a bhí ’ghá n‑aodhaireacht do ritheadar agus d’innseadar sa bhaile agus ar fuid na tíre é. Agus tháinig na daoine amach féachaint cad a tharla. 15Agus thánadar ag triall ar Íosa agus chonacadar an fear go mbíodh an deamhan ’ghá mhilleadh, ’n‑a shuidhe agus a chuid éadaigh uime agus é ’n‑a lán-mheabhair, agus tháinig eagal ortha. 16Agus d’innis an mhuintir a chonaic é dhóibh cad a tharla do ’n fhear go raibh an deamhan ann, agus i dtaobh na muc. 17Agus chromadar ar thathant air go n‑imtheóchadh sé as a dtír.
18Agus nuair a bhí sé ag dul ar bórd na luinge do chrom an fear, go raibh an deamhan ’ghá chrádh, ar a iarraidh go leigfí leis é. 19Ach níor leig sé leis é, ach dubhairt leis: Imthigh chun do thighe agus chun do dhaoine, agus innis dóibh ar dhein an Tighearna dhuit agus an trócaire a dhein sé ort. 20Agus d’imthigh sé agus chrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na neithe móra a dhein Íosa dhó, agus bhí iongna ortha go léir.
21Agus nuair a thainig Íosa thar uisge airís, sa luing, do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na faraige. [1]22Agus tháinig duine d’uachtaránaibh na sinagóige, dár bh’ ainim Iaírus, agus nuair a chonaic sé é do chaith sé é féin ag á chosaibh, 23Agus d’iarr sé achainíghe air, agus dubhairt: Tá m’inghean ag dul chun báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionas go leighisfí í agus go mairfeadh sí. 24Agus d’imthigh sé ’n‑a theannta, agus chuaidh mórán daoine i n‑aonfheacht leis, agus bhíodar ag brúth air.
25Agus bhí bean ann go raibh a cuid fola ag imtheacht uaithi ar feadh dhá bhliain déag, 26Agus bhí mórán fuilingthe aici ó iomad dochtúirí, agus bhí a raibh an tsaoghal aici caithte aici leó, agus ní raibh aon fheabhus uirthi, ach í ag dul i n‑olcas; 27Nuair airigh sí i dtaobh Íosa tháinig sí ameasg na ndaoine lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar a éadach; 28Óir dubhairt sí: Mura ndeinead ach fiú baint le n‑a bhrat beidh mé slán. 29Agus do thriomuigh