Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/110

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
100
Caib. V. 30
MARCUS

sruth a cod’ fola an neómat san, agus d’aithin sí ar a colainn go raibh sí leighiste ó’n ngearán. 30Agus láithreach do thuig Íosa, ann féin, an chómhacht san do dhul amach uaidh, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine, agus dubhairt sé: Cé theangbhuigh le m’chuid éadaigh? 31Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Chíonn tú na daoine ag brúth ort, agus deirir: Cé theangbhuigh liom? 32Agus d’fhéach sé ’n‑a thímpal go bhfeicfeadh sé an bhean a dhein é. 33Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar bhí ’fhios aici cad a thárla, agus thainig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí dhó iomláine na fírinne. Agus dubhairt seisean léi: 34A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó’n ngearán.

35Le línn na bhfocal san a rádh dhó, tháiníg cuid de mhuintir uachtaráin na sinagóige, agus dubhradar: Tá t’inghean tar éis bháis. Cad ab áil leat ag cur a thuille trioblóide ar an Máighistir? 36Agus d’airigh Íosa an focal san agus dubhairt sé le h‑uachtarán na sinagóige: Ná bíodh eagal ort, ach amháin creid. 37Agus níor leis sé d’aoinne dul leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin dritháir Shéamuis. 38Agus thánadar isteach i dtigh uachtaráin na sinagóige, agus chonaic sé an bhuairt agus an t‑árd-ghol agus an lógóireacht go léir. 39Agus nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sé leó: Cad chuige an bhuairt agus an gol? Ní marbh atá an cailín, ach ’n‑a codladh. 40Agus do gháireadar uime. Ach do chuir sé iad go léir amach, agus thóg sé leis athair agus máthair an chailín, agus an mhuintir a bhí le n‑a chois féin, agus chuaidh sé isteach mar a raibh an cailín ’n‑a luighe. 41Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat) a chailín. 42Agus d’eirigh an cailín ’n‑a suidhe láithreach agus shiúbhluigh sí, (bhí sí dhá bhliain déag) agus tháinig uathbhás ana-mhór ortha. 43Agus d’órduigh sé dhóibh go dian gan a fhios a bheith ag aoinne, agus dubhairt sé rud le n‑ithe thabhairt di.