Page:Mo sgeal fein.djvu/223

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

nimh do dhuine. Bhíos am’ luighe leis ar feadh dó nó trí sheachtmhainibh. Ansan b’é toil an Tighearna gur chuireas díom é. Bhí dochtúir maith tuisgionach de mhuíntir Ríordáin sa tsráid an uair sin, agus thug sé aire mhaith dhom. Tá sé tar éis bháis, beannacht Dé le n-a anam!

Níor thuigeas an uair sin cad fé ndeár an taom san do theacht orm, agus mé chómh láidir, chómh deagh-shláinteach, díreach sar a dtáinig sé orm. Do thuigeas ’n-a dhiaigh san é go maith.

Tá an Abha Bheag ag gabháil aniar ó Chill na Mullach go Dún ar Aill. Gabhan sí fé dhrochad atá thuaidh ag bun sráide Dhún ar Aill. Aba bheag shalach iseadh í. Is isteach inti a théighean salachar sráide Chill na Mullach agus salachar na tíre go léir as san soir go Dún ar Aill agus ansan salachar Dhún ar Aill féin, i dtreó nách féidir do ’n uisge gan bheith lán de nimh an tsalachair sin. Ní bhíodh aon chothrom uisge againn i nDún ar Aill ach buachaill agus asal aige agus tubán aige, istigh i dtrucailín an asail, agus é ag tarang an uisge chun na ndóirse, chun na ndaoine, agus na daoine ag díol as an uisge. Thógadh sé an t-uisge ag an ndrochad, díreach mar a raibh an salachar go léir, ó’n sráid, ag dul isteach sa n-abhainn. Théigheadh muíntir mo thíghe-se agus thugaidís uisge búird leó ó thobar fíoruisge a bhí tamall ó’n sráid, mar bhíodh an t-eagal againn roim uisge na h-abhan. Nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san ba ró dheacair gan dearmhad a dhéanamh uaireanta, agus uisge na h-abhan do chur ar an mbórd agus é dh’ól. Pé ’r domhan é, do buaileadh isteach am’ aigne-se gur bh’ é uisge na h-abhan san a chuir an taom breóiteachta orm.

Bhí sagart paróiste sa tsráid, agus do thuig sé