contabhairt an uisge, agus bhíodh sé go minic a d’iaraidh a chur fhéachaint ar Bhórd na mBocht cothrom uisge do thabhairt isteach sa tsráid tré phíopaíbh, ó thobar éigin fíoruisge sa chómhgaracht. Ach do theipeadh air. Dá ndéintí é do chaithfeadh muíntir na cómharsanachta breis bheag éigin cánach a dhíol as. Ní thoileóchaidís chuige sin. “An t-uisge a bhí maith a ndóithin dóibh riamh roimis seo tá sé maith an ndóithin dóibh anois,” adeiridís.
Na daoine gan chiall! Ba chóir go dtuigfidís, dá dtagadh droch bhreóiteacht sa tsráid, ó bheith ag úsáid an uisge sin, go leathfadh an droch bhreóiteacht ar fuaid na tuatha agus ansan go ndíolfadh muíntir na tuatha go daor as an spriúnlaitheacht.
Chómh fada agus théighean mo chuimhne is dóich liom gur tar éis mé theacht ó’n dtaom san a chuas go Cill Chaoi go dtí an sáile, agus gur b’ é sin uair a bhuail an Sbáinneach úd umam a thug dom an labhairt cheart ar “Don Quixote” .i. “Don Cíochóté”; nó b’fhéidir gur uair éigin eile é, mar bhíos cúpla uair eile sa n-áit.
Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad cheithre fichid a deich, ag déanamh amach ar dheire na bliana, do leath eadrainn an sgéal, go raibh an sagart paróiste a bhí anso i bparóiste Chaisleáin Ua Liatháin, go raibh sé ag dul chun báis. Fuair sé bás i ndeire an chéad mhí de ’n bhliain nua. Beannacht Dé le n-a anam! Ansan, an deichmhadh lá de’n tarna mí de’n bhliain míle ocht gcéad cheithre fichid a h-aondéag, do chuir an t-Easbog leitir chúgham-sa ’ghá rádh liom dul am’ shagart paróiste go paróiste Chaisleáin Ua Liatháin. Táim anso ó shin.