Page:Mo sgeal fein.djvu/214

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ann, ó-thuaidh agus ó-dheas agus soir síos go dtí bóthar poibilidhe na sráide. Bhíomair ag feitheamh, ag féachaint soir síos ar tighthibh na sráide, agus i n-inead aon choinne bheith againn go n-eireóchadh toirmeasg is amhlaidh a bhí eagal orainn ná béadh againn ach cruinniughadh ana bheag.

Fé dheire chonacamair an tsluagh ag teacht. Is cuimhin liom féin go bhfeaca Seághan Díolúin sa tsluagh. Bhí sé ’n-a shuidhe i gcaráiste. Chómh luath agus tháinig sé i radharc an chearnaigh mhóir mar a raibh an cruinniughadh le bheith, thóg sé a cheann agus d’fhéach sé suas mór-thímpal an chearnaigh. Bhí an áit go léir folamh. Bhíos ag féachaint air agus is dóich liom go raibh diombádh air. Ach fé mar a tháinig an tsluagh isteach do shiúbhluigheadar suas i dtreó tíghe an tsagairt. Ansan do thosnuigh an áit ar bheith ag líonadh. Ar ball bhí cruinniughadh maith daoine ann i dtreó go rabhamhair geall le bheith sásta. Bhí dó nó trí charáistíbh fada curtha ar aghaidh dorais tíghe an tsagairt amach i dtreó go bhféadfadh na cainteóirí seasamh anáirde ar na caráistíbh sin agus labhairt leis na daoine.

Bhí a lán daoin’uaisle anall ó Shasana ann. Thánadar díreach mar a thánamair go leir, ’ghá chur i n-úil go raibh gráin acu ar an gcuma ’n-a raibh dlighthe d’á gcur i bhfeidhm i n-Éirinn. Bhí Henry Labouchère, M.P., ann, agus John Brunner, M.P., agus Thomas Ellis, M.P., agus tuille nár bh’ iad. Tháinig mná uaisle anall ó Shasana, leis, ar a raibh Miss Mander. Bhí fir eagair ann ó-s na páipéaraibh móra thall, ar a raibh Fred Higginbotham agus Bennett Burleigh, agus Seághan mac Dómhnaill ó’n Daily News.

Bhí an t-Athair Párthalán mac Cárthaigh, D.D., sa